+Airteagal 3 Comhairle eolaíoch ar an athrú aeráide
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.

Airteagal 3 Comhairle eolaíoch ar an athrú aeráide

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Beidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 (“an Bord Comhairleach”) ina phointe tagartha don Aontas maidir le heolas eolaíoch a bhaineann leis an athrú aeráide de bhua a neamhspleáchais agus a shaineolais eolaíoch agus theicniúil.
Airteagal 3 2.

Ar chúraimí an Bhoird Chomhairligh, áireofar:

(a) 

na torthaí eolaíocha is déanaí ó thuarascálacha IPCC agus sonraí aeráide eolaíocha a mheas, go háirithe maidir le faisnéis atá ábhartha don Aontas;

(b) 

comhairle eolaíoch a sholáthar agus tuarascálacha a eisiúint maidir le bearta Aontais atá ann cheana agus atá beartaithe, spriocanna aeráide agus buiséid tháscacha gás ceaptha teasa, agus a gcomhleanúnachas le cuspóirí an Rialacháin seo agus le tiomantais idirnáisiúnta an Aontais faoi Chomhaontú Pháras;

(c) 

rannchuidiú le heolas eolaíoch neamhspleách a mhalartú i réimse an tsamhaltaithe, an fhaireacháin, an taighde agus na nuálaíochta a bhfuil gealladh fúthu agus a chuidíonn le hastaíochtaí a laghdú nó aistrithe a mhéadú;

(d) 

na gníomhaíochtaí agus na deiseanna is gá a shainaithint chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach go rathúil;

(e) 

feasacht a mhúscailt maidir leis an athrú aeráide agus a thionchar, chomh maith le hidirphlé agus comhar a spreagadh idir comhlachtaí eolaíocha laistigh den Aontas, agus an obair agus na hiarrachtaí atá ann cheana á gcomhlánú.

Airteagal 3 3.
Beidh an Bord Comhairleach faoi threoir ag a chuid oibre de réir na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, IPBES agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile. Leanfaidh sé próiseas atá go hiomlán trédhearcach agus déanfaidh sé a thuarascálacha a chur ar fáil go poiblí. Féadfaidh sé obair na gcomhlachtaí comhairleacha aeráide náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 a chur san áireamh, i gcás ina mbeidh fáil uirthi.
Airteagal 3 4.
I gcomhthéacs feabhas a chur ar ról na heolaíochta i réimse an bheartas aeráide, iarrtar ar gach Ballstát comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta a bhunú, a bheidh freagrach as sainchomhairle eolaíoch maidir le beartas aeráide a sholáthar do na húdaráis náisiúnta ábhartha de réir mar a fhorordóidh an Ballstát lena mbaineann. I gcás ina gcinnfidh Ballstát an comhlacht comhairleach sin a bhunú, cuirfidh sé an méid sin in iúl do EEA.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1119
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.