+RIALACHÁN (AE) 2021/1119 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”)
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---+Airteagal 2 An cuspóir aeráidneodrachta
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 3 Comhairle eolaíoch ar an athrú aeráide
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 4 Spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
------+Airteagal 4 6.
------+Airteagal 4 7.
------+Airteagal 4 8.
---+Airteagal 5 Oiriúnú don athrú aeráide.
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 5 4.
------+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 6 Measúnú ar dhul chun cinn agus bearta an Aontais
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
------+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 7 Measúnú ar bhearta náisiúnta
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 8 Forálacha coiteanna maidir le measúnú an Choimisiúin
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
------+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 9 Rannpháirtíocht an phobail
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 10 Treochláir earnála
---+Airteagal 11 Athbhreithniú
---+Airteagal 12 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 401/2009
---+Airteagal 13 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999
---+Airteagal 14 Teacht i bhfeidhm
|
English -
European Union -
Environment -
RIALACHÁN (AE) 2021/1119 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”)
RIALACHÁN (AE) 2021/1119 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Meitheamh 2021
lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”)
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
|
Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, bunaítear creat le haghaidh laghdú do-chúlaithe de réir a chéile ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ag foinsí agus chun feabhas a chur ar aistrithe trí bhíthin linnte arna rialáil i ndlí an Aontais.
Leagtar amach sa Rialachán seo cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050, chun an sprioc fhadtéarmach teochta a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chomhaontú Pháras a shaothrú, agus déantar foráil ann do dhul chun cinn chun sprioc an oiriúnaithe dhomhanda a bhunaítear le Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras a shaothrú. Leagtar amach leis an Rialachán seo freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le laghdú intíre ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030.
►M1
Leagtar amach sa Rialachán seo freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais le haghaidh 2040. ◄
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistrithe na ngás ceaptha teasa trí linnte a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 2 An cuspóir aeráidneodrachta
|
|
|
Airteagal 3 Comhairle eolaíoch ar an athrú aeráide
|
|
|
Airteagal 4 Spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais
|
|
|
Airteagal 5 Oiriúnú don athrú aeráide.
|
|
|
Airteagal 6 Measúnú ar dhul chun cinn agus bearta an Aontais
|
|
|
Airteagal 7 Measúnú ar bhearta náisiúnta
|
|
|
Airteagal 8 Forálacha coiteanna maidir le measúnú an Choimisiúin
|
|
|
Airteagal 9 Rannpháirtíocht an phobail
|
|
|
Airteagal 10 Treochláir earnála
|
Airteagal 10
Oibreoidh an Coimisiún le hearnálacha den gheilleagar laistigh den Aontas a roghnaíonn treochláir dheonacha tháscacha a ullmhú chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt treochláir den sórt sin. Is é a bheidh i gceist lena rannpháirtíocht ná idirphlé a éascú ar leibhéal an Aontais, agus dea-chleachtas a chomhroinnt i measc geallsealbhóirí ábhartha.
|
|
Airteagal 11 Athbhreithniú
|
Airteagal 11
Laistigh de 6 mhí ó gach stocáirimh dhomhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le conclúidí na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Rialachán seo, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a)
an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC agus ón mBord Comhairleach;
(b)
forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach;
▼M1
(c)
na dúshláin atá ag teacht chun cinn maidir le hiomaíochas domhanda thionscail na hEorpa ar fud na mBallstát agus na deiseanna atá ann ina leith sin, go háirithe iomaíochas tionscal dianfhuinnimh agus iomaíochas FBManna;
(d)
forbairt na bpraghsanna fuinnimh agus a tionchar ar thionscail agus ar theaghlaigh na hEorpa;
(e)
na tionchair shocheacnamaíocha, lena n-áirítear na héifeachtaí ar fhostaíocht;
(f)
dul chun cinn teicneolaíoch agus cur chun úsáide na dteicneolaíochtaí nuálacha ar fud na mBallstát agus na n-earnálacha;
(g)
leibhéal measta na nglanaistrithe ar leibhéal an Aontais i ndáil le spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo; má fhionnann an Coimisiún go bhfuil difríocht shuntasach idir leibhéal measta na nglanaistrithe nádúrtha do 2040 agus an leibhéal a bheadh ag teastáil chun sprioc idirmheánach 2040 a bhaint amach, lena n-áirítear i gcás inarb ann don difríocht sin mar gheall ar shuaití nádúrtha, molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear, más gá, coigeartú ar sprioc idirmheánach 2040 a chomhfhreagraíonn do na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann agus laistigh de theorainneacha na n-easnamh sin, agus áiritheoidh sé nach mbeidh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann;
(h)
an dul chun cinn i dtreo na spriocanna idirmheánacha a leagtar amach sa Rialachán seo;
(i)
an tsolúbthacht do na Ballstáit creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta a úsáid chun suas le 5 % dá spriocanna agus dá n-iarrachtaí tar éis 2030 a chomhlíonadh.
▼M1
Beidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear sprioc idirmheánach 2040, agus beidh bearta breise ag gabháil leis an tuarascáil sin chun neartú a dhéanamh ar na tionscnaimh a bhaineann leis an gcreat cumasúcháin lena dtacaítear le cur chun feidhme éifeachtach leanúnach an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 4(5), agus lena ndaingnítear iomaíochas, rathúnas agus comhtháthú sóisialta an Aontais.
▼B
|
|
Airteagal 12 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 401/2009
|
Airteagal 12
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 401/2009
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 mar a leanas:
(1)
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:
“Airteagal 10a
1.
Bunaítear leis seo Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide (‘an Bord Comhairleach’).
2.
Beidh an Bord Comhairleach comhdhéanta de 15 shaineolaí eolaíocha shinsearacha a chumhdóidh raon leathan disciplíní ábhartha. Comhlíonfaidh comhaltaí an Bhoird Chomhairligh na critéir a leagtar amach i mír 3. Ní bheidh náisiúntacht an Bhallstáit chéanna ag níos mó ná beirt chomhalta den Bhord Comhairleach. Ní bheidh neamhspleáchas chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh inchurtha in amhras.
3.
Ainmneoidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Chomhairligh ar feadh téarma 4 bliana, a fhéadfar a athnuachan uair amháin, tar éis nós imeachta roghnúcháin a bheidh oscailte, cothrom agus trédhearcach. Agus comhaltaí an Bhoird Chomhairligh á roghnú aige, féachfaidh an Bord Bainistíochta le saineolas éagsúil ó thaobh disciplín agus earnála de a áirithiú, chomh maith le cothromaíocht inscne agus gheografach. Bunófar an roghnú ar na critéir seo a leanas:
(b)
taithí ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus comhairle eolaíoch a sholáthar sna réimsí saineolais;
(c)
saineolas forleathan i réimse na n-eolaíochtaí aeráide agus comhshaoil nó i réimsí eolaíocha eile atá ábhartha do bhaint amach chuspóirí aeráide an Aontais;
(d)
taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
4.
Déanfar comhaltaí an Bhoird Chomhairligh a cheapadh i gcáil phearsanta agus nochtfaidh siad a dtuairimí go hiomlán neamhspleách ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Toghfaidh an Bord Comhairleach a chathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 4 bliana agus glacfaidh sé a rialacha nós imeachta.
5.
Comhlánóidh an Bord Comhairleach obair na Gníomhaireachta agus é ag gníomhú go neamhspleách i gcomhlíonadh a chúraimí. Bunóidh an Bord Comhairleach a chlár oibre bliantúil go neamhspleách, agus nuair a bheidh an méid sin á dhéanamh aige rachaidh sé i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta. Cuirfidh cathaoirleach an Bhoird Chomhairligh an Bord Bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas faoin gclár sin agus faoina chur chun feidhme.”;
(2)
in Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“5.
Áireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta freisin an caiteachas a bhaineann leis an mBord Comhairleach.”.
|
|
Airteagal 13 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999
|
Airteagal 13
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 mar a leanas:
(1)
in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
“(a)
straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna gceapadh chun go gcomhlíonfar cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh agus tiomantais fhadtéarmacha an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, go háirithe cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*1
), agus, don chéad tréimhse 10 mbliana, ó 2021 go 2030, go háirithe spriocanna an Aontais do 2030 don fhuinneamh agus don aeráid;
(2)
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (7):
“(7)
ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin’ réamhaisnéisí ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte nó forbairtí ar an gcóras fuinnimh, lena n-áirítear, ar a laghad, meastacháin chainníochtúla do sheicheamh 6 bliana sa todhchaí dar críoch 0 nó 5, díreach i ndiaidh na bliana tuairisciúcháin;”;
(3)
in Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
“(f)
measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhsheasmhacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, agus leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;”;
(4)
in Airteagal 8(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
“(e)
an chaoi ina gcuireann na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119”;
(5)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:
“Airteagal 11
Idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh
Déanfaidh gach Ballstát idirphlé il-leibhéil a bhunú maidir leis an aeráid agus fuinneamh de bhun na rialacha náisiúnta, ina mbeidh údaráis áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lucht gnó, infheisteoirí agus scairshealbhóirí eile agus an pobal i gcoitinne in ann a bheith páirteach go gníomhach i mbaint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus sna cásanna éagsúla atá beartaithe do bheartais fuinnimh agus aeráide agus an méid sin a phlé, lena n-áirítear ar bhonn fadtéarmach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn, mura bhfuil struchtúr chun na críche céanna ann cheana. Féadfar plé a dhéanamh ar phleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide laistigh de chreat den chineál sin.”;
(6)
leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Faoin 1 Eanáir 2020, agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar straitéis í a mbeidh peirspictíocht 30 bliain aici agus a bheidh comhsheasmhach le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana.”;
(b)
i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
“(c)
laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feabhsuithe ar aistrithe trí linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, i gcomhthéacs na laghduithe gás ceaptha teasa is gá agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte is gá de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus chun aistrithe trí linnte a fheabhsú chun sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras a shaothrú ionas go mbainfear amach cothromaíocht idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte laistigh den Aontas agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin;”;
(7)
leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
“(a)
faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo ghnóthú na gcuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus i dtreo mhaoiniú agus chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart is gá lena mbaint amach, lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh;”;
(b)
i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid, mionsonraí teicniúla agus próiseas a leagan amach i gcás na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar chéimniú amach na bhfóirdheontas fuinnimh, go háirithe do bhreoslaí iontaise, de bhun phointe (d) d’Airteagal 25.”;
(8)
in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
“(b)
an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát chun a chuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, spriocanna agus rannchuidithe a bhaint amach agus na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme;”;
(9)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:
“Airteagal 45
Athbhreithniú
Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de thréimhse 6 mhí ó gach athbhreithniú domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, a rannchuidiú le rialú an Aontais Fuinnimh, a rannchuidiú le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras, dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide agus fuinnimh do 2030 a bhaint amach agus i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais, a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, cuspóirí breise an Aontais Fuinnimh agus le forálacha pleanála, tuairiscithe agus faireacháin a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith i gcomhréir le dlíthe eile de chuid an Aontais nó le cinntí a bhaineann le UNFCCC agus le Comhaontú Pháras. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha ón gCoimisiún de réir mar is iomchuí.”;
(10)
leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn I mar seo a leanas:
(a)
i bpointe 3.1.1 de Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
“i.
Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 den Roinn seo a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint do chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119”;
(b)
i Roinn B, cuirtear an pointe seo a leanas léi:
“5.5.
Rannchuidiú na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119”;
(11)
i bpointe (c) d’Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (viii):
“(viii)
measúnú ar rannchuidiú an bheartais nó an bhirt maidir le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus le baint amach na straitéise fadtéarmaí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;”.
|
|
Airteagal 14 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 14
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 07.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1119
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|