|
+Airteagal 4 5. |
Airteagal 4 5.Faoi chuimsiú an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 4, chun éascú a dhéanamh ar an sprioc a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a bhaint amach, áiritheoidh an Coimisiún go léireofar na gnéithe seo a leanas go hiomchuí sna tograí reachtacha:
(a)
ó 2036, rannchuidiú leormhaith i dtreo sprioc aeráide 2040 maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras suas le 5 % de ghlanastaíochtaí 1990 an Aontais, a chomhfhreagraíonn do laghdú intíre 85 % ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2040, ar bhealach atá uaillmhianach agus cost-éifeachtúil araon, a thacaíonn leis an Aontas agus le tríú tíortha conairí laghdaithe gás ceaptha teasa a bhaint amach atá comhoiriúnach le cuspóir Chomhaontú Pháras i leith méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2 oC agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, lena n-áirithítear sláine comhshaoil na gcreidmheasanna sin, agus ceannasaíocht theicneolaíoch an Aontais á cur chun cinn; féadfar breithniú a dhéanamh ar thréimhse phíolótach ó 2031 go 2035 chun margadh creidmheasa idirnáisiúnta ardcháilíochta agus ard-sláine a thionscnamh; déanfar tionscnamh, critéir cháilíochta agus coinníollacha eile a bhaineann le fáil agus úsáid aon chreidmheasa den sórt sin a rialáil i ndlí an Aontais chun a áirithiú go mbeidh siad bunaithe ar ghníomhaíochtaí inchreidte claochlaitheacha i dtíortha comhpháirtíochta a bhfuil sé d’aidhm acu spriocanna aeráide agus beartais aeráide a bhaint amach atá comhoiriúnach leis an sprioc fhadtéarmach teochta a leagtar síos i gComhaontú Pháras, go mbeidh siad faoi réir coimircí láidre, lena n-áirítear sláine, seachaint áirimh dhúbailte, breisíocht, buaine, rialachas trédhearcach, modheolaíochtaí láidre faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, go n-áiritheoidh siad comhthairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus coimircí maidir le cearta an duine, agus go mbeidh ard-uaillmhian acu maidir leis na fáltais don oiriúnú a chomhroinnt agus le tairbhí maolaithe a chomhroinnt le tíortha lena mbaineann; agus na critéir cháilíochta á mbunú aige, breithneoidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na critéir a leagtar síos faoi Airteagal 6(4) de Chomhaontú Pháras a chomhlánú chun a áirithiú go ndéanfar na coimircí sin agus an cháilíocht is airde creidmheasanna idirnáisiúnta a urramú, go háirithe maidir le buaine agus cearta an duine;
(b)
ról na n-aistrithe buana intíre faoin gcóras a bhunaítear le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (“CTA AE”), chun cúiteamh a dhéanamh as astaíochtaí iarmharacha ar deacair iad a laghdú;
(c)
solúbthacht fheabhsaithe laistigh d’earnálacha agus d’ionstraimí agus ar fud na n-earnálacha agus na n-ionstraimí sin, chun tacú le spriocanna a bhaint amach ar bhealach simplí agus costéifeachtach;
(d)
rannchuidiú réalaíoch na n-aistrithe carbóin leis an iarracht fhoriomlán chun astaíochtaí a laghdú, agus éiginnteachtaí na n-aistrithe nádúrtha á gcur san áireamh agus lena n-áirithítear nach mbeadh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit barrachas aistrithe nádúrtha a úsáid chun cúiteamh a dhéanamh as a n-astaíochtaí in earnálacha eile;
(e)
an gá atá le linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, san fhadtéarma agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, bithgheilleagar inbhuanaithe agus ciorclach a chur chun cinn, agus chun éifeachtaí na ndifríochtaí i struchtúr aoise foraoise, inathraitheacht nádúrtha agus éiginnteachtaí a chur san áireamh, go háirithe iad siúd atá nasctha le tionchair an athraithe aeráide agus suaití nádúrtha in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta;
(f)
ba cheart costéifeachtúlacht agus dlúthpháirtíocht a léiriú i spriocanna agus iarrachtaí iar-2030 na mBallstát, agus imthosca agus sainiúlachtaí náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann leis na hoileáin agus na réigiún is forimeallaí;
(g)
an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí atá ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó PIAA agus ón mBord Comhairleach;
(h)
na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil ar fud na mBallstát, lena n-áirítear i ndáil le cuspóirí an dícharbónaithe agus an iomaíochais do thionsclaíocht na hEorpa;
(i)
costais na neamhghníomhaíochta agus tairbhí na gníomhaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
(j)
an gá atá le haistriú atá cóir cothrom, pragmatach, costéifeachtach agus cothrom ar bhonn sóisialta a áirithiú do chách agus tacú leis an aistriú sin, agus imthosca náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair ar phraghsanna do thomhaltóirí, ar bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair agus aird ar leith á tabhairt ar réigiúin agus earnálacha, lena n-áirítear a n-acmhainneacht infheistíochta, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar fheirmeoirí agus ar theaghlaigh leochaileacha a ndéanann an t-aistriú chuig an aeráidneodracht difear dóibh;
(k)
an t-ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú, neodracht na teicneolaíochta, costéifeachtacht, éifeachtúlacht eacnamaíoch agus slándáil eacnamaíoch;
(l)
gníomhú ar son na haeráide mar spreagadh don infheistíocht, don nuálaíocht agus don iomaíochas méadaithe;
(m)
an gá atá le hathléimneacht agus iomaíochas domhanda gheilleagar an Aontais a neartú agus an riosca sceite carbóin a laghdú, go háirithe i gcás FBManna agus na n-earnálacha tionsclaíocha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí, chun iomaíocht chóir a áirithiú;
(n)
na teicneolaíochtaí is fearr atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe dá bhfuil ar fáil;
(o)
infhaighteacht agus inacmhainneacht fuinnimh, slándáil an tsoláthair, slándáil fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear “céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh”, chomh maith le heangacha agus idirnaisc leictreachais a neartú d’fhonn Aontas Fuinnimh iarbhír a thógáil agus fuinneamh a tháirgtear ar bhonn intíre a chur chun cinn;
(p)
ról na mbreoslaí saor ó charbón, ísealcharbóin agus in-athnuaite i ndícharbónú an iompair, lena n-áirítear iompar de bhóthar tar éis 2030 agus bearta nithiúla chun cabhrú le monaróirí feithiclí tromshaothair a spriocanna a bhaint amach, agus ábhar Eorpach á chur san áireamh;
(q)
cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh;
(r)
an gá atá le héifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama, agus comhtháthú sóisialta á choimirciú agus slándáil bia agus aistriú cóir a áirithiú ag an am céanna;
(s)
riachtanais agus deiseanna infheistíochta, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach chomh maith le tacaíocht don nuálaíocht agus rochtain ar theicneolaíochtaí nuálacha ar fud na mBallstát, agus cothromaíocht gheografach á cur san áireamh;
(t)
forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) a bhaint amach, chomh maith le tacaíocht an Aontais dá chomhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar na tionchair a bhíonn aige. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|