+Airteagal 4 Spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 4 8.
|
Airteagal 4 Spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, is é a bheidh i sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2030 laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (líon na n-astaíochtaí gan aistrithe) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030. Agus an sprioc dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cur chun feidhme, tabharfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit tús áite do laghduithe tapa agus intuartha ar astaíochtaí agus, ag an am céanna, cuirfidh siad feabhas ar aistrithe trí linnte nádúrtha. Chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí maolúcháin leordhóthanach suas go dtí 2030, chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar don athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear i mír 2, déanfar rannchuidiú glan-aistrithe le sprioc aeráide an Aontais 2030 a theorannú do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2. Chun linn charbóin an Aontais a fheabhsú i gcomhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050, beidh sé mar aidhm ag an Aontas líon níos airde glanlinne carbóin a bhaint amach in 2030.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Faoin 30 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar reachtaíocht ábhartha an Aontais chun gur féidir an sprioc a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach agus breithneoidh sé na bearta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí. Faoi chuimsiú an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus na n-athbhreithnithe sin a dhéanfar feasta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar infhaighteacht ionstraimí agus dreasachtaí leormhaithe faoi dhlí an Aontais le haghaidh shlógadh na n-infheistíochtaí is gá, agus molfaidh sé bearta mar is gá. Ó ghlacadh na dtograí reachtacha ag an gCoimisiún, déanfaidh sé faireachán ar na nósanna imeachta reachtacha maidir leis na tograí éagsúla agus féadfaidh sé tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i dtaobh an mbainfeadh an toradh a bhfuiltear ag súil leis ó na nósanna imeachta reachtacha sin, arna meas le chéile, an sprioc a leagtar amach i mír 1 amach. Mura mbeadh toradh ar an toradh a bhfuiltear ag súil leis i gcomhréir leis an sprioc a leagtar amach i mír 1, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a ghlacadh, lena n-áirítear tograí reachtacha a ghlacadh, i gcomhréir leis na Conarthaí.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, is é a bheidh i sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2040 laghdú 90 % ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (an líon astaíochtaí i ndiaidh aistrithe a asbhaint) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2040.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Ag féachaint ar an tréimhse tar éis 2030, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar reachtaíocht ábhartha an Aontais chun gur féidir an sprioc a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach agus déanfaidh sé breithniú ar na bearta is gá a dhéanamh de réir mar is iomchuí agus bunaithe ar mheasúnuithe tionchair mionsonraithe, i gcomhréir leis na Conarthaí. Leanfaidh an Coimisiún de na tionscnaimh a bhaineann leis an gcreat cumasúcháin a neartú agus beidh sé d’aidhm aige dlús a chur lena nglacadh agus lena gcur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh dálaí i bhfeidhm chun tacú le daoine dlítheanacha agus nádúrtha a ndéantar difear dóibh, amhail tionscal agus saoránaigh na hEorpa, le linn an aistrithe, i dtreo na spriocanna a leagtar amach i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus geilleagar aeráidneodrach.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Faoi chuimsiú an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 4, chun éascú a dhéanamh ar an sprioc a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a bhaint amach, áiritheoidh an Coimisiún go léireofar na gnéithe seo a leanas go hiomchuí sna tograí reachtacha:
(a)
ó 2036, rannchuidiú leormhaith i dtreo sprioc aeráide 2040 maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras suas le 5 % de ghlanastaíochtaí 1990 an Aontais, a chomhfhreagraíonn do laghdú intíre 85 % ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2040, ar bhealach atá uaillmhianach agus cost-éifeachtúil araon, a thacaíonn leis an Aontas agus le tríú tíortha conairí laghdaithe gás ceaptha teasa a bhaint amach atá comhoiriúnach le cuspóir Chomhaontú Pháras i leith méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2 oC agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, lena n-áirithítear sláine comhshaoil na gcreidmheasanna sin, agus ceannasaíocht theicneolaíoch an Aontais á cur chun cinn; féadfar breithniú a dhéanamh ar thréimhse phíolótach ó 2031 go 2035 chun margadh creidmheasa idirnáisiúnta ardcháilíochta agus ard-sláine a thionscnamh; déanfar tionscnamh, critéir cháilíochta agus coinníollacha eile a bhaineann le fáil agus úsáid aon chreidmheasa den sórt sin a rialáil i ndlí an Aontais chun a áirithiú go mbeidh siad bunaithe ar ghníomhaíochtaí inchreidte claochlaitheacha i dtíortha comhpháirtíochta a bhfuil sé d’aidhm acu spriocanna aeráide agus beartais aeráide a bhaint amach atá comhoiriúnach leis an sprioc fhadtéarmach teochta a leagtar síos i gComhaontú Pháras, go mbeidh siad faoi réir coimircí láidre, lena n-áirítear sláine, seachaint áirimh dhúbailte, breisíocht, buaine, rialachas trédhearcach, modheolaíochtaí láidre faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, go n-áiritheoidh siad comhthairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus coimircí maidir le cearta an duine, agus go mbeidh ard-uaillmhian acu maidir leis na fáltais don oiriúnú a chomhroinnt agus le tairbhí maolaithe a chomhroinnt le tíortha lena mbaineann; agus na critéir cháilíochta á mbunú aige, breithneoidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na critéir a leagtar síos faoi Airteagal 6(4) de Chomhaontú Pháras a chomhlánú chun a áirithiú go ndéanfar na coimircí sin agus an cháilíocht is airde creidmheasanna idirnáisiúnta a urramú, go háirithe maidir le buaine agus cearta an duine;
(b)
ról na n-aistrithe buana intíre faoin gcóras a bhunaítear le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (“CTA AE”), chun cúiteamh a dhéanamh as astaíochtaí iarmharacha ar deacair iad a laghdú;
(c)
solúbthacht fheabhsaithe laistigh d’earnálacha agus d’ionstraimí agus ar fud na n-earnálacha agus na n-ionstraimí sin, chun tacú le spriocanna a bhaint amach ar bhealach simplí agus costéifeachtach;
(d)
rannchuidiú réalaíoch na n-aistrithe carbóin leis an iarracht fhoriomlán chun astaíochtaí a laghdú, agus éiginnteachtaí na n-aistrithe nádúrtha á gcur san áireamh agus lena n-áirithítear nach mbeadh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit barrachas aistrithe nádúrtha a úsáid chun cúiteamh a dhéanamh as a n-astaíochtaí in earnálacha eile;
(e)
an gá atá le linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, san fhadtéarma agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, bithgheilleagar inbhuanaithe agus ciorclach a chur chun cinn, agus chun éifeachtaí na ndifríochtaí i struchtúr aoise foraoise, inathraitheacht nádúrtha agus éiginnteachtaí a chur san áireamh, go háirithe iad siúd atá nasctha le tionchair an athraithe aeráide agus suaití nádúrtha in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta;
(f)
ba cheart costéifeachtúlacht agus dlúthpháirtíocht a léiriú i spriocanna agus iarrachtaí iar-2030 na mBallstát, agus imthosca agus sainiúlachtaí náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann leis na hoileáin agus na réigiún is forimeallaí;
(g)
an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí atá ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó PIAA agus ón mBord Comhairleach;
(h)
na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil ar fud na mBallstát, lena n-áirítear i ndáil le cuspóirí an dícharbónaithe agus an iomaíochais do thionsclaíocht na hEorpa;
(i)
costais na neamhghníomhaíochta agus tairbhí na gníomhaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
(j)
an gá atá le haistriú atá cóir cothrom, pragmatach, costéifeachtach agus cothrom ar bhonn sóisialta a áirithiú do chách agus tacú leis an aistriú sin, agus imthosca náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair ar phraghsanna do thomhaltóirí, ar bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair agus aird ar leith á tabhairt ar réigiúin agus earnálacha, lena n-áirítear a n-acmhainneacht infheistíochta, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar fheirmeoirí agus ar theaghlaigh leochaileacha a ndéanann an t-aistriú chuig an aeráidneodracht difear dóibh;
(k)
an t-ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú, neodracht na teicneolaíochta, costéifeachtacht, éifeachtúlacht eacnamaíoch agus slándáil eacnamaíoch;
(l)
gníomhú ar son na haeráide mar spreagadh don infheistíocht, don nuálaíocht agus don iomaíochas méadaithe;
(m)
an gá atá le hathléimneacht agus iomaíochas domhanda gheilleagar an Aontais a neartú agus an riosca sceite carbóin a laghdú, go háirithe i gcás FBManna agus na n-earnálacha tionsclaíocha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí, chun iomaíocht chóir a áirithiú;
(n)
na teicneolaíochtaí is fearr atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe dá bhfuil ar fáil;
(o)
infhaighteacht agus inacmhainneacht fuinnimh, slándáil an tsoláthair, slándáil fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear “céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh”, chomh maith le heangacha agus idirnaisc leictreachais a neartú d’fhonn Aontas Fuinnimh iarbhír a thógáil agus fuinneamh a tháirgtear ar bhonn intíre a chur chun cinn;
(p)
ról na mbreoslaí saor ó charbón, ísealcharbóin agus in-athnuaite i ndícharbónú an iompair, lena n-áirítear iompar de bhóthar tar éis 2030 agus bearta nithiúla chun cabhrú le monaróirí feithiclí tromshaothair a spriocanna a bhaint amach, agus ábhar Eorpach á chur san áireamh;
(q)
cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh;
(r)
an gá atá le héifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama, agus comhtháthú sóisialta á choimirciú agus slándáil bia agus aistriú cóir a áirithiú ag an am céanna;
(s)
riachtanais agus deiseanna infheistíochta, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach chomh maith le tacaíocht don nuálaíocht agus rochtain ar theicneolaíochtaí nuálacha ar fud na mBallstát, agus cothromaíocht gheografach á cur san áireamh;
(t)
forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) a bhaint amach, chomh maith le tacaíocht an Aontais dá chomhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar na tionchair a bhíonn aige.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Laistigh de 6 mhí ón dara hathbhreithniú domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar athbhreithniú ar sprioc aeráide an Aontais do 2040 i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Coinneofar forálacha an Airteagail seo faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí arna ndéanamh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear maidir leis na torthaí ar phléití idirnáisiúnta ar thráthchláir chomhchoiteanna le haghaidh rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta.
|
|
Airteagal 4 8.
|
Ón 6 Márta 2027 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú agus tuairisciú ar chur chun feidhme na spriocanna idirmheánacha agus na gconairí dícharbónaithe a leagtar amach sa Rialachán seo, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí, an dul chun cinn teicneolaíoch is déanaí agus na dúshláin agus na deiseanna atá ag teacht chun cinn d’iomaíochas domhanda an Aontais á gcur san áireamh aige. Féadfaidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, a bheith ag gabháil leis an measúnú sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 07.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1119
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|