+Airteagal 11 Athbhreithniú

Airteagal 11 Athbhreithniú

Airteagal 11

Athbhreithniú

Laistigh de 6 mhí ó gach stocáirimh dhomhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le conclúidí na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Rialachán seo, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC agus ón mBord Comhairleach;

(b) 

forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach;

▼M1

(c) 

na dúshláin atá ag teacht chun cinn maidir le hiomaíochas domhanda thionscail na hEorpa ar fud na mBallstát agus na deiseanna atá ann ina leith sin, go háirithe iomaíochas tionscal dianfhuinnimh agus iomaíochas FBManna;

(d) 

forbairt na bpraghsanna fuinnimh agus a tionchar ar thionscail agus ar theaghlaigh na hEorpa;

(e) 

na tionchair shocheacnamaíocha, lena n-áirítear na héifeachtaí ar fhostaíocht;

(f) 

dul chun cinn teicneolaíoch agus cur chun úsáide na dteicneolaíochtaí nuálacha ar fud na mBallstát agus na n-earnálacha;

(g) 

leibhéal measta na nglanaistrithe ar leibhéal an Aontais i ndáil le spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo; má fhionnann an Coimisiún go bhfuil difríocht shuntasach idir leibhéal measta na nglanaistrithe nádúrtha do 2040 agus an leibhéal a bheadh ag teastáil chun sprioc idirmheánach 2040 a bhaint amach, lena n-áirítear i gcás inarb ann don difríocht sin mar gheall ar shuaití nádúrtha, molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear, más gá, coigeartú ar sprioc idirmheánach 2040 a chomhfhreagraíonn do na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann agus laistigh de theorainneacha na n-easnamh sin, agus áiritheoidh sé nach mbeidh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann;

(h) 

an dul chun cinn i dtreo na spriocanna idirmheánacha a leagtar amach sa Rialachán seo;

(i) 

an tsolúbthacht do na Ballstáit creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta a úsáid chun suas le 5 % dá spriocanna agus dá n-iarrachtaí tar éis 2030 a chomhlíonadh.

▼M1

Beidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear sprioc idirmheánach 2040, agus beidh bearta breise ag gabháil leis an tuarascáil sin chun neartú a dhéanamh ar na tionscnaimh a bhaineann leis an gcreat cumasúcháin lena dtacaítear le cur chun feidhme éifeachtach leanúnach an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 4(5), agus lena ndaingnítear iomaíochas, rathúnas agus comhtháthú sóisialta an Aontais.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1119
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.