2.
Faoin 21 Bealtaine 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú an gá gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta de chaighdeáin tagartha a bhunú agus, i gcás inar gá, chun sonraíochtaí agus nósanna imeachta a bhunú le haghaidh ríomhshínithe ardleibhéil. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshínithe ardleibhéil á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann ríomhshíniú ardleibhéil na caighdeáin, sonraíochtaí agus nósanna imeachta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).