+Airteagal 12 2.

Airteagal 12 2.

Déanfaidh stór trádála mionsonraí IMUanna a bhailiú agus a choinneáil agus áiritheoidh sé go mbeidh rochtain dhíreach agus láithreach ar na mionsonraí sin ag na heintitis seo a leanas le go mbeidh siad in ann a gcuid freagrachtaí agus sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh:

(a) 

ÚEUM

(b) 

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (“ÚBE”).;

(c) 

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (“ÚEÁPC”);

(d) 

BERS;

(e) 

an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála na n-idirbheart tuairiscithe;

(f) 

comhaltaí ábhartha CEBC, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 á gcomhlíonadh aige;

(g) 

na húdaráis ábhartha tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha de bhun Airteagal 19(1) ina leith.

(h) 

na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

(i) 

na húdaráis ábhartha urrús agus margaidh de chuid an Aontais a gclúdóidh a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach idirbhearta, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(j) 

an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );

(k) 

na húdaráis réitigh arna n-ainmniú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 )

(l) 

an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 );

(m) 

na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 16(1);

▼M2

(n) 

na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.