+Airteagal 15 Athúsáid ionstraimí airgeadais a gheofar faoi shocrú comhthaobhachta
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
|
Airteagal 15 Athúsáid ionstraimí airgeadais a gheofar faoi shocrú comhthaobhachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Aon cheart atá ag contrapháirtithe chun ionstraimí airgeadais arna bhfáil mar chomhthaobhacht a athúsáid, beidh siad faoi réir an dá choinníoll seo a leanas ar a laghad:
(a)
gur chuir an contrapháirtí a fhaigheann na hionstraimí an contrapháirtí soláthraithe ar an eolas go cuí i scríbhinn faoi na rioscaí agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist i gceann amháin díobh seo a leanas:
(i)
toiliú a dheonú maidir le ceart comhthaobhacht a úsáid a sholáthraítear faoi shocrú comhthaobhachta urrúis i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2002/47/CE;
(ii)
socrú comhthaobhachta aistrithe teidil a thabhairt i gcrích;
(b)
gur thug an contrapháirtí soláthraithe a thoiliú sainráite roimh ré, a fianaíodh le síniú an chontrapháirtí sholáthraithe i scríbhinn nó ar bhealach atá coibhéiseach ó thaobh an dlí de, i ndáil le socrú comhthaobhachta urrúis, lena dtugtar, sna téarmaí, ceart úsáide i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2002/47/CE, nó gur chomhaontaigh sé go sainráite comhthaobhacht a sholáthar trí bhíthin socrú comhthaobhachta aistrithe teidil.
I ndáil le pointe (a) den chéad fhomhír, cuirfear an contrapháirtí soláthraithe ar an eolas i scríbhinn ar a laghad faoi na rioscaí agus na hiarmhairtí a fhéadfaidh teacht chun cinn i gcás mhainneachtain an chontrapháirtí a fhaigheann na hionstraimí.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Má fheidhmíonn contrapháirtithe a gceart chun athúsáide, beidh siad faoi réir an dá choinníoll seo a leanas ar a laghad:
(a)
déantar an athúsáid i gcomhréir leis na téarmaí a shonraítear sa socrú comthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;
(b)
na hionstraimí airgeadais a fhaightear faoi shocrú comhthaobhachta, aistrítear ó chuntas an chontrapháirtí sholáthraithe iad.
De mhaolú ar phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás inar bunaithe i dtríú tír a bheidh contrapháirtí i socrú comhthaobhachta agus cuntas an chontrapháirtí a chuireann an chomhthaobhacht ar fáil á choimeád i dtríú trí agus á rialú ag dlí an tríú tír sin, déanfar an athúsáid a fhianú trí aistriú ó chuntas an chontrapháirtí sholáthraithe nó trí mheáin iomchuí eile.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Tá an tAirteagal seo gan dochar do reachtaíocht earnálach níos déine, go háirithe do Threoir 2009/65/CE agus do Threoir 2014/65/AE, agus don dlí náisiúnta arb é is aidhm dó leibhéal níos airde cosanta a áirithiú do chontrapháirtithe soláthraithe.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don dlí náisiúnta i ndáil le bailíocht nó éifeacht idirbhirt.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|