|
+Airteagal 15 1. |
Airteagal 15 1.Aon cheart atá ag contrapháirtithe chun ionstraimí airgeadais arna bhfáil mar chomhthaobhacht a athúsáid, beidh siad faoi réir an dá choinníoll seo a leanas ar a laghad:
(a)
gur chuir an contrapháirtí a fhaigheann na hionstraimí an contrapháirtí soláthraithe ar an eolas go cuí i scríbhinn faoi na rioscaí agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist i gceann amháin díobh seo a leanas:
(i)
toiliú a dheonú maidir le ceart comhthaobhacht a úsáid a sholáthraítear faoi shocrú comhthaobhachta urrúis i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2002/47/CE;
(ii)
socrú comhthaobhachta aistrithe teidil a thabhairt i gcrích;
(b)
gur thug an contrapháirtí soláthraithe a thoiliú sainráite roimh ré, a fianaíodh le síniú an chontrapháirtí sholáthraithe i scríbhinn nó ar bhealach atá coibhéiseach ó thaobh an dlí de, i ndáil le socrú comhthaobhachta urrúis, lena dtugtar, sna téarmaí, ceart úsáide i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2002/47/CE, nó gur chomhaontaigh sé go sainráite comhthaobhacht a sholáthar trí bhíthin socrú comhthaobhachta aistrithe teidil. I ndáil le pointe (a) den chéad fhomhír, cuirfear an contrapháirtí soláthraithe ar an eolas i scríbhinn ar a laghad faoi na rioscaí agus na hiarmhairtí a fhéadfaidh teacht chun cinn i gcás mhainneachtain an chontrapháirtí a fhaigheann na hionstraimí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|