+Airteagal 29 1.
|
Airteagal 29 1.
Laistigh de 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimsiún de bhun Airteagal 4(9), déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le hÚEUM, tuarascáil ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar chomhréireacht na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, mar aon le haon tograí iomchuí. Áireofar sa tuarascáil sin, go háirithe, forléargas ar oibleagáidí tuairiscithe comhchosúla a leagtar síos i dtríú tíortha agus aird á tabhairt ar obair ar an leibhéal idirnáisiúnta. Díreofar sa tuarascáil freisin ar thuairisciú aon idirbheart ábhartha nach n-áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar aon fhorbairtí suntasacha i gcleachtais sa mhargadh, agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal trédhearcachta oibríochtaí maoinithe urrús. Chun críocha na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM, laistigh de 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, nó níos minice i gcás ina dtarlaíonn forbairtí suntasacha sna cleachtais mhargaidh, tuarascáil ar éifeachtúlacht an tuairiscithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Choimisiúin, agus aird á tabhairt ar a oiriúnaí atá tuairisciú aontaobhach, go háirithe maidir le cumhdach agus cáilíocht an tuairiscithe mar aon le laghdú ar thuarascálacha do stórtha trádála, agus ar fhorbairtí suntasacha i gcleachtais sa mhargadh agus ag díriú ar idirbhearta a bhfuil cuspóir nó éifeacht acu atá coibhéiseach le hIMU.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|