+Airteagal 29 Tuarascálacha agus athbhreithniú
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.

Airteagal 29 Tuarascálacha agus athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.
Laistigh de 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimsiún de bhun Airteagal 4(9), déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le hÚEUM, tuarascáil ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar chomhréireacht na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, mar aon le haon tograí iomchuí. Áireofar sa tuarascáil sin, go háirithe, forléargas ar oibleagáidí tuairiscithe comhchosúla a leagtar síos i dtríú tíortha agus aird á tabhairt ar obair ar an leibhéal idirnáisiúnta. Díreofar sa tuarascáil freisin ar thuairisciú aon idirbheart ábhartha nach n-áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar aon fhorbairtí suntasacha i gcleachtais sa mhargadh, agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal trédhearcachta oibríochtaí maoinithe urrús.

Chun críocha na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM, laistigh de 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, nó níos minice i gcás ina dtarlaíonn forbairtí suntasacha sna cleachtais mhargaidh, tuarascáil ar éifeachtúlacht an tuairiscithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Choimisiúin, agus aird á tabhairt ar a oiriúnaí atá tuairisciú aontaobhach, go háirithe maidir le cumhdach agus cáilíocht an tuairiscithe mar aon le laghdú ar thuarascálacha do stórtha trádála, agus ar fhorbairtí suntasacha i gcleachtais sa mhargadh agus ag díriú ar idirbhearta a bhfuil cuspóir nó éifeacht acu atá coibhéiseach le hIMU.

Airteagal 29 2.
Tar éis obair ar an leibhéal idirnáisiúnta a thabhairt chun críche agus a chur san áireamh, sainaithneofar sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 rioscaí ábhartha maidir le hIMUanna a bheith in úsáid ag institiúidí creidmheasa agus ag cuideachtaí liostaithe agus déanfar anailís iontu ar a oiriúnaí a bheadh sé a fhoráil go ndéanfadh na heintitis sin nochtadh breise ina gcuid tuarascálacha tráthrialta.
Airteagal 29 3.
Faoin 13 Deireadh Fómhair 2017, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn maidir le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun na rioscaí a bhaineann le hIMUanna a mhaolú, lena n-áirítear moltaí BCA maidir le caolchorrlaigh d’IMUanna nach ndéantar a imréiteach go lárnach, agus ar a iomchuí atá na moltaí sin do mhargaí an Aontais. Tíolacfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin, mar aon le haon tograí iomchuí.

Chun na críche sin, déanfaidh ÚEUM faoin 13 Deireadh Fómhair 2016, i gcomhar le hÚBE agus le BERS agus aird chuí á tabhairt ar na hiarrachtaí idirnáisiúnta, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle lena ndéanfar measúnú ar an méid seo a leanas:

(a) 

an dtarlaíonn méadú suntasach ar luamhánú mar thoradh ar úsáid IMUanna, ar luamhánú é nach dtugtar aghaidh air leis an rialáil atá ann cheana;

(b) 

i gcás inarb iomchuí, na roghanna atá ar fáil chun dul i ngleic leis an méadú sin;

(c) 

an mbeidh bearta breise ag teastáil chun comhchiogalacht na giarála sin a laghdú.

I dtuarascáil ÚEUM, déanfar tionchar chainníochtúil mholtaí BCA a bhreithniú freisin.

Airteagal 29 4.
Laistigh de 39 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) agus laistigh de shé mhí tar éis gach tuarascála uasdátaithe ÚEUM amhail dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a thíolacadh, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le hÚEUM, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11 go háirithe maidir leis an gceist an bhfuil táillí a gearradh ar stórtha trádála comhréireach i leith láimhdeachas an stóir thrádála lena mbaineann agus an bhfuil siad teoranta do chaiteachas riachtanach ÚEUM a chumhdach go hiomlán maidir le stórtha trádála a chlárú, a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu chomh maith le haon chostais a aisíoc a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 9(1).

Chun críocha na dtuarascálacha ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír, laistigh de 33 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, nó níos minice i gcás ina dtugtar athruithe ábhartha ar tháillí isteach, déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na táillí a ghearrtar ar na stórtha trádála i gcomhréir leis an Rialachán seo. Sna tuarascálacha sin, leagfar amach, ar a laghad, na mionsonraí faoi chaiteachas riachtanach ÚEUM maidir le stórtha trádála a chlárú, a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu, na costais a thabhaigh na húdaráis inniúla agus obair á déanamh acu de bhun an Rialacháin seo, go háirithe, mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí, chomh maith leis na táillí a ghearrtar ar stórtha trádála agus an chomhréireacht atá idir na táillí sin agus láimhdeachas stórtha trádála.

Airteagal 29 5.
Tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, foilseoidh ÚEUM tuarascáil bhliantúil maidir le méideanna comhiomlána IMUanna de réir chineál an chontrapháirtí agus an idirbhirt ar bhonn sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 4.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.