+Airteagal 29 4.
|
Airteagal 29 4.
Laistigh de 39 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) agus laistigh de shé mhí tar éis gach tuarascála uasdátaithe ÚEUM amhail dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a thíolacadh, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le hÚEUM, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11 go háirithe maidir leis an gceist an bhfuil táillí a gearradh ar stórtha trádála comhréireach i leith láimhdeachas an stóir thrádála lena mbaineann agus an bhfuil siad teoranta do chaiteachas riachtanach ÚEUM a chumhdach go hiomlán maidir le stórtha trádála a chlárú, a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu chomh maith le haon chostais a aisíoc a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 9(1). Chun críocha na dtuarascálacha ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír, laistigh de 33 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, nó níos minice i gcás ina dtugtar athruithe ábhartha ar tháillí isteach, déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na táillí a ghearrtar ar na stórtha trádála i gcomhréir leis an Rialachán seo. Sna tuarascálacha sin, leagfar amach, ar a laghad, na mionsonraí faoi chaiteachas riachtanach ÚEUM maidir le stórtha trádála a chlárú, a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu, na costais a thabhaigh na húdaráis inniúla agus obair á déanamh acu de bhun an Rialacháin seo, go háirithe, mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí, chomh maith leis na táillí a ghearrtar ar stórtha trádála agus an chomhréireacht atá idir na táillí sin agus láimhdeachas stórtha trádála.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|