+Airteagal 17 Éagsúlú
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 8.
---+Airteagal 17 9.
---+Airteagal 17 10.
|
Airteagal 17 Éagsúlú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Ní infheisteoidh CMA níos mó ná:
(a)
5 % dá shócmhainní in ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna arna n-eisiúint ag an gcomhlacht céanna;
(b)
10 % dá shócmhainní i dtaiscí leis an institiúid creidmheasa chéanna, mura rud é go bhfuil sé fíor faoi struchtúr na hearnála baincéireachta sa Bhallstát ina bhfuil an CMA lonnaithe go bhfuil sé ina struchtúr nach bhfuil institiúidí creidmheasa ann atá inmharthana go leor chun freastal ar an gceanglas éagsúlaithe agus nach bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch ag an CMA taiscí a dhéanamh i mBallstát eile, agus sa chás sin féadfaidh sé suas le 15 % dá shócmhainní a chur i dtaisce leis an institiúid creidmheasa céanna.
|
|
Airteagal 17 2.
|
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh CMA de chineál VNAV suas le 10 % dá shócmhainní a infheistiú in ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna arna n-eisiúint ag an gcomhlacht céanna, ar choinníoll nach dtéann luach iomlán na n-ionstraimí margaidh airgid, na n-urrúsuithe agus ABCPanna sin, atá ag an CMA de chineál VNAV i ngach comhlacht eisiúna ina n-infheistíonn sé os cionn 5 % dá shócmhainní, thar 40 % de luach iomlán a shócmhainní.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe, dá dtagraítear in Airteagal 11(4), ní rachaidh risíocht chomhiomlán CMA d'urrúsuithe agus ABCPanna thar 15 % de shócmhainní an CMA. Amhail ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(4), ní rachaidh risíocht chomhiomlán CMA d'urrúsuithe agus ABCPanna thar 20 % de shócmhainní an CMA, sa chaoi is go bhféadfar suas le 15 % de shócmhainní an CMA a infheistiú in urrúsuithe agus ABCPanna nach gcomhlíonann na critéir maidir le sainaithint urrúsuithe STS agus ABCPanna.
|
|
Airteagal 17 4.
|
An neamhchosaint chomhiomlán ar riosca atá ag an gcontrapháirtí céanna de CMA a eascraíonn as idirbhearta díorthach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13 agus nach ndéantar a imréiteach go lárnach trí CPL a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a dtugtar aitheantas dó i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin, ní rachaidh sí thar 5 % de shócmhainní an CMA.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Maidir le méid comhiomlán an airgid thirim a sholáthraítear don chontrapháirtí céanna de CMA i gcomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais nach ndéantar a imréiteach go lárnach trí CPL a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a dtugtar aitheantas dó i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin, ní rachaidh sé thar 15 % de shócmhainní an CMA. I gcás ina ndéantar comhaontú athcheannaigh droim ar ais a imréiteach go lárnach trí CPL a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a dtugtar aitheantas dó i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin, ní rachaidh an t-airgead tirim arna sholáthar ag CMA mar chuid de gach comhaontú athcheannaigh droim ar ais thar 15 % de shócmhainní an CMA.
|
|
Airteagal 17 6.
|
D'ainneoin na dteorainneacha aonair a leagtar síos i mír 1 agus i mír 4, ní chuirfidh CMA na nithe seo a leanas le chéile, i gcás ina bhfágfadh sin go mbeadh infheistíocht de níos mó ná 15 % dá shócmhainní in aon chomhlacht amháin:
(a)
infheistíochtaí in ionstraimí margaidh airgid, urrúsuithe agus ABCPanna, arna n-eisiúint ag an gcomhlacht sin;
(b)
taiscí arna ndéanamh leis an gcomhlacht sin;
▼M3
(c)
ionstraimí díorthacha airgeadais nach ndéantar a imréiteach go lárnach trí CPL a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a dtugtar aitheantas dó i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin, a fhágann go bhfuil neamhchosaint ar riosca contrapháirtí ag an gcomhlacht sin.
▼B
De mhaolú ar an gceanglas éagsúlaithe de dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, i gcás inar fíor faoi struchtúr an mhargaidh airgeadais sa Bhallstát ina bhfuil an CMA lonnaithe go bhfuil sé ina struchtúr nach bhfuil dóthain institiúidí creidmheasa inmharthana ann chun freastal ar an gceanglas éagsúlaithe sin agus nach bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch ag an CMA ionstraimí airgeadais i mBallstát eile a úsáid, féadfaidh an CMA na cineálacha éagsúla infheistíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) suas go hinfheistíocht uasta de 20 % dá shócmhainní in aon chomhlacht amháin a nascadh.
|
|
Airteagal 17 7.
|
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh údarás inniúil CMA a údarú do CMA infheistiú a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal an scaipthe riosca, ar suas le 100 % dá shócmhainní in ionstraimí éagsúla margaidh airgid arna n-eisiúint nó arna ráthú ar leithligh nó go comhpháirteach ag an Aontas, riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, nó a mbainc ceannais, ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ag an gCiste Eorpach Infheistíochta, ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, ag an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, ag údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta nó ag aon institiúid nó eagraíocht idirnáisiúnta airgeadais ábhartha eile a mbaineann Ballstát amháin nó níos mó léi. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
(a)
tá ionstraimí margaidh airgid ag an CMA ó shé eisiúint dhifriúla ar a laghad ón eisitheoir lena mbaineann;
(b)
tá an infheistíocht in ionstraimí margaidh airgid ón eisiúint chéanna teoranta ag an CMA d'uasmhéid 30 % dá shócmhainní;
(c)
déanann an CMA tagairt shonrach ina rialacha ciste nó ina ionstraimí corpraithe, go bhfuil sé beartaithe aige níos mó na 5 % dá shócmhainní a infheistiú sna riaracháin, sna hinstitiúidí nó sna heagraíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a eisíonn nó a ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ar leithligh nó go comhpháirteach;
(d)
tá ráiteas soiléir ag an CMA ina réamheolaire agus ina chumarsáidí margaíochta a tharraingíonn aird ar úsáid an mhaolaithe agus a luann na riaracháin, na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina bhfuil sé beartaithe aige níos mó ná 5 % dá shócmhainní a infheistiú a eisíonn nó a ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ar leithligh nó go comhpháirteach.
|
|
Airteagal 17 8.
|
D'ainneoin na dteorainneacha indibhidiúla a leagtar síos i mír 1, ní fhéadfaidh CMA infheistiú a dhéanamh ar níos mó ná 10 % dá shócmhainní i mbannaí arna n-eisiúint ag institiúid creidmheasa aonair a bhfuil oifig chláraithe aici i mBallstát agus atá faoi réir maoirseacht phoiblí speisialta de réir an dlí chun sealbhóirí bannaí a chosaint. Déanfar, go háirithe, suimeanna a thagann ó eisiúint na mbannaí sin a infheistiú i gcomhréir leis an dlí i sócmhainní a bheidh in ann, le linn thréimhse bailíochta iomlán na mbannaí, éilimh a bhaineann leis na bannaí sin a chlúdach agus, i gcás mhainneachtain an eisitheora, a d'úsáidfí ar bhonn tosaíochta d'aisíoc na príomhshuime agus íocaíocht an úis fhabhraithe. I gcás ina n-infheistíonn CMA níos mó ná 5 % dá shócmhainní sna bannaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír arna n-eisiúint ag eisitheoir aonair, ní rachaidh luach iomlán na n-infheistíochtaí sin thar 40 % de luach shócmhainní an CMA.
|
|
Airteagal 17 9.
|
D'ainneoin na dteorainneacha indibhidiúla a leagtar síos i mír 1, ní fhéadfaidh CMA níos mó ná 20 % dá shócmhainní a infheistiú i mbannaí arna n-eisiúint ag institiúid creidmheasa aonair i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i bpointe (f) d'Airteagal 10(1) nó i bpointe (c) d'Airteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe 2015/61 (AE), lena n-áirítear aon infheistíocht fhéideartha i sócmhainní dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo. I gcás ina n-infheistíonn CMA níos mó ná 5 % dá shócmhainní sna bannaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír arna n-eisiúint ag eisitheoir aonair, ní rachaidh luach iomlán na n-infheistíochtaí sin thar 60 % de luach shócmhainní an CMA, lena n-áirítear aon infheistíocht fhéideartha i sócmhainní dá dtagraítear i mír 8 agus na teorainneacha a leagtar síos sa mhír sin á n-urramú.
|
|
Airteagal 17 10.
|
Cuideachtaí atá ar áireamh sa ghrúpa céanna chun críocha cuntas comhdhlúite faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
), nó i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta idirnáisiúnta aitheanta, measfar gur comhlacht aonair iad chun críche na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1 go mír 6 den Airteagal seo a ríomh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|