|
+Airteagal 17 7. |
Airteagal 17 7.De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh údarás inniúil CMA a údarú do CMA infheistiú a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal an scaipthe riosca, ar suas le 100 % dá shócmhainní in ionstraimí éagsúla margaidh airgid arna n-eisiúint nó arna ráthú ar leithligh nó go comhpháirteach ag an Aontas, riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, nó a mbainc ceannais, ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ag an gCiste Eorpach Infheistíochta, ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, ag an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, ag údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta nó ag aon institiúid nó eagraíocht idirnáisiúnta airgeadais ábhartha eile a mbaineann Ballstát amháin nó níos mó léi. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
(a)
tá ionstraimí margaidh airgid ag an CMA ó shé eisiúint dhifriúla ar a laghad ón eisitheoir lena mbaineann;
(b)
tá an infheistíocht in ionstraimí margaidh airgid ón eisiúint chéanna teoranta ag an CMA d'uasmhéid 30 % dá shócmhainní;
(c)
déanann an CMA tagairt shonrach ina rialacha ciste nó ina ionstraimí corpraithe, go bhfuil sé beartaithe aige níos mó na 5 % dá shócmhainní a infheistiú sna riaracháin, sna hinstitiúidí nó sna heagraíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a eisíonn nó a ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ar leithligh nó go comhpháirteach;
(d)
tá ráiteas soiléir ag an CMA ina réamheolaire agus ina chumarsáidí margaíochta a tharraingíonn aird ar úsáid an mhaolaithe agus a luann na riaracháin, na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina bhfuil sé beartaithe aige níos mó ná 5 % dá shócmhainní a infheistiú a eisíonn nó a ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ar leithligh nó go comhpháirteach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|