+Airteagal 28 Tástáil struis
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
---+Airteagal 28 6.
---+Airteagal 28 7.
|
Airteagal 28 Tástáil struis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Beidh próisis fhónta tástála struis ar bun do gach CMA lena sainaithneofar teagmhais fhéideartha nó athruithe fhéideartha ar dhálaí eacnamaíocha amach anseo a rachadh i gcion go mífhabhrach ar an CMA. Déanfaidh an CMA nó bainisteoir CMA measúnú ar an tionchar féideartha a d'fhéadfadh a bheith ag na teagmhais nó ag na hathruithe sin ar an CMA. Déanfaidh an CMA nó bainisteoir CMA tástáil struis go rialta ar chásanna féideartha éagsúla. Bunófar na tástálacha struis ar chritéir oibiachtúla agus cuirfear san áireamh iontu na héifeachtaí a bheadh ag géarchásanna inchreidte. Maidir leis na cásanna a áireofar sna tástálacha struis, cuirfear san áireamh iontu, ar a laghad, paraiméadair thagartha lena n-áirítear na tosca seo a leanas:
(a)
athruithe hipitéiseacha ar leibhéal leachtachta na sócmhainní i bpunann an CMA;
(b)
athruithe hipitéiseacha ar leibhéal an riosca creidmheasa a bhaineann leis na sócmhainní i bpunann an CMA, lena n-áirítear teagmhais chreidmheasa agus teagmhais rátála;
(c)
athruithe hipitéiseacha ar na rátaí úis agus ar na rátaí malairte;
(d)
leibhéil fuascailte hipitéiseacha;
(e)
fairsingiú nó caolú hipitéiseach ar leathnuithe idir innéacsanna arb innéacsanna iad a bhfuil rátaí úis infheistíochtaí punainne ceangailte leo;
(f)
turraingí macraishistéamacha hipitéiseacha a d'imreodh tionchar ar an ngeilleagar ina iomláine.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Sa bhreis air sin, i gcás CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus i gcás CMAnna de chineál LVNAV, measúnófar leis na tástálacha struis an difríocht a bheadh ann i gcásanna éagsúla idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Déanfaidh bord stiúrthóirí an CMA i gcás inarb infheidhme, nó bord stiúrthóirí bhainisteoir CMA a chinneadh a mhinice a dhéanfar tástálacha struis, tar éis a bhreithniú cad is eatramh iomchuí agus réasúnta ann i bhfianaise dhálaí an mhargaidh agus tar éis aon athruithe a cheaptar a thiocfaidh ar phunann an CMA a bhreithniú. Déanfar na tástálacha struis sin dhá uair sa bhliain ar a laghad.
|
|
Airteagal 28 4.
|
I gcás ina nochtann na tastálacha struis aon leochaileacht a bhaineann leis an CMA, déanfaidh bainisteoir CMA tuarascáil fhorleathan a tharraingt suas ina mbeidh torthaí na tástála struis agus plean gníomhaíochta beartaithe. I gcás inar gá, déanfaidh bainisteoir CMA gníomhaíocht chun stóinseacht an CMA a neartú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a athneartóidh leachtacht nó cáilíocht shócmhainní an CMA agus cuirfidh sé údarás inniúil an CMA ar an eolas láithreach maidir leis na bearta atá déanta.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Cuirfear tuarascáil fhorleathan ina bhfuil torthaí na tástála struis agus an plean gníomhaíochta beartaithe faoi bhráid bhord stiúrthóirí an CMA, i gcás inarb infheidhme nó faoi bhráid bhord stiúrthóirí bhainisteoir CMA, lena scrúdú. Leasóidh an bord stiúrtha an plean gníomhaíochta atá beartaithe más gá agus déanfaidh sé an plean gníomhaíochta críochnaitheach a fhormheas. Coimeádfar an tuarascáil fhorleathan agus an plean gníomhaíochta ar feadh cúig bliana ar a laghad. Cuirfear an tuarascáil fhorleathan agus an plean gníomhaíochta faoi bhráid údarás inniúil an CMA lena n-athbhreithniú.
|
|
Airteagal 28 6.
|
Seolfaidh údarás inniúil an CMA an tuarascáil fhorleathan dá dtagraítear i mír 5 chuig ÚEUM.
|
|
Airteagal 28 7.
|
Eiseoidh ÚEUM treoirlínte d'fhonn paraiméadair thagartha choiteanna a bhunú do na cásanna tástála struis a áireofar sna tástálacha struis, agus na tosca a shonraítear i mír 1 á gcur san áireamh. Tabharfar na treoirlínte cothrom le dáta gach bliain ar a laghad agus na forbairtí margaidh is déanaí á gcur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|