+Airteagal 28 1.

Airteagal 28 1.

Beidh próisis fhónta tástála struis ar bun do gach CMA lena sainaithneofar teagmhais fhéideartha nó athruithe fhéideartha ar dhálaí eacnamaíocha amach anseo a rachadh i gcion go mífhabhrach ar an CMA. Déanfaidh an CMA nó bainisteoir CMA measúnú ar an tionchar féideartha a d'fhéadfadh a bheith ag na teagmhais nó ag na hathruithe sin ar an CMA. Déanfaidh an CMA nó bainisteoir CMA tástáil struis go rialta ar chásanna féideartha éagsúla.

Bunófar na tástálacha struis ar chritéir oibiachtúla agus cuirfear san áireamh iontu na héifeachtaí a bheadh ag géarchásanna inchreidte. Maidir leis na cásanna a áireofar sna tástálacha struis, cuirfear san áireamh iontu, ar a laghad, paraiméadair thagartha lena n-áirítear na tosca seo a leanas:

(a) 

athruithe hipitéiseacha ar leibhéal leachtachta na sócmhainní i bpunann an CMA;

(b) 

athruithe hipitéiseacha ar leibhéal an riosca creidmheasa a bhaineann leis na sócmhainní i bpunann an CMA, lena n-áirítear teagmhais chreidmheasa agus teagmhais rátála;

(c) 

athruithe hipitéiseacha ar na rátaí úis agus ar na rátaí malairte;

(d) 

leibhéil fuascailte hipitéiseacha;

(e) 

fairsingiú nó caolú hipitéiseach ar leathnuithe idir innéacsanna arb innéacsanna iad a bhfuil rátaí úis infheistíochtaí punainne ceangailte leo;

(f) 

turraingí macraishistéamacha hipitéiseacha a d'imreodh tionchar ar an ngeilleagar ina iomláine.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.