+Airteagal 21 Triail eolais iontrála agus ionsamhlú ar an gcumas caillteanas a sheasamh
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
---+Airteagal 21 3
---+Airteagal 21 4
---+Airteagal 21 5
---+Airteagal 21 6
---+Airteagal 21 7
---+Airteagal 21 8
|
Airteagal 21 Triail eolais iontrála agus ionsamhlú ar an gcumas caillteanas a sheasamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1
|
1. Sula dtabharfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rochtain iomlán d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail sluachistiúcháin ar a n-ardán sluachistiúcháin, déanfaidh siad a mheas an bhfuil na seirbhísí sluachistiúcháin atá a dtairiscint acu iomchuí do na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha agus cé acu atá iomchuí dóibh.
|
|
Airteagal 21 2
|
2. Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis faoi thaithí, cuspóirí infheistíochta agus staid airgeadais an infheisteora neamhshofaisticiúil ionchasaigh agus faoin tuiscint bhunúsach atá aige ar an riosca a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh trí chéile agus le hinfheistíocht a dhéanamh sna cineálacha infheistíochta arna dtairiscint ar an ardán sluachistiúcháin, lena n-áirítear faisnéis faoin méid seo a leanas:
|
(a)
|
na hinfheistíochtaí a rinne an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach roimhe sin in urrúis inaistrithe, nó ionstraimí a ligtear isteach a fuarthas roimhe seo chun críocha sluachistiúcháin nó iasachta, lena n-áirítear i ngnóthaí luathchéime nó céime forbartha;
|
|
(b)
|
tuiscint an infheisteora neamhshofaisticiúil ionchasaigh ar na rioscaí a bhaineann le hiasachtaí a dheonú, infheistíocht a dhéanamh in urrúis inaistrithe, ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin a fháil trí ardán sluachistiúcháin, agus taithí ghairmiúil i ndáil le hinfheistíochtaí sluachistiúcháin.
|
|
|
Airteagal 21 3
|
3. Maidir le gach infheisteoir neamhshofaisticiúil, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin athbhreithniú ar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 gach dhá bhliain tar éis an mheasúnaithe tosaigh a dhéantar i gcomhréir leis an mír sin.
|
|
Airteagal 21 4
|
4. I gcás nach soláthraíonn infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha an fhaisnéis is gá de bhun mhír 2, nó i gcás ina measann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar bhonn na faisnéise arna fáil faoin mír sin, gur eolas, scileanna nó taithí neamhleor atá ag na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha, cuirfidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha sin ar an eolas go bhféadfadh na seirbhísí atá á dtairiscint ar a n-ardáin sluachistiúcháin a bheith míchuí dóibh agus eiseoidh siad rabhadh riosca dóibh. Sa rabhadh riosca sin, luafar go soiléir an riosca go gcaillfear an méid iomlán den airgead a infheistítear. Aithneoidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha go sainráite go bhfuair siad agus gur thuig siad an rabhadh a d’eisigh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.
|
|
Airteagal 21 5
|
5. Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin de cheangal ar infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha ionsamhlú a dhéanamh ar an gcumas atá iontu caillteanas a sheasamh, arna ríomh mar 10 % dá nglanfhiúchas, bunaithe ar an bhfaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
ioncam rialta agus ioncam iomlán, agus más ioncam é a thuilltear ar bhonn buan nó sealadach;
|
|
(b)
|
sócmhainní, lena n-áirítear infheistíochtaí airgeadais agus aon taiscí airgid, ach gan maoin phearsanta, maoin infheistíochta ná cistí pinsin a áireamh;
|
|
(c)
|
gealltanais airgeadais, lena n-áirítear gealltanais rialta, reatha nó don todhchaí.
|
|
|
Airteagal 21 6
|
6. Maidir le gach infheisteoir neamhshofaisticiúil, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin athbhreithniú ar an ionsamhlúchán dá dtagraítear i mír 5 gach bliain tar éis an ionsamhlúcháin tosaigh a dhéantar i gcomhréir leis an mhír sin,
Ní chuirfear aon chosc ar infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha na ar infheisteoirí neamhshofaisticiúla infheistiú i dtionscadail sluachistiúcháin. Admhóidh na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla go bhfuair siad torthaí an ionsamhlúcháin dá dtagraítear i mír 5.
|
|
Airteagal 21 7
|
7. Gach uair sula nglacfaidh infheisteoir ionchasach neamhshofaisticiúil nó infheisteoir neamhshofaisticiúil le tairiscint aonair sluachistiúcháin agus dá bhrí sin go ndéanann sé infheistíocht de mhéid is mó ná EUR 1 000 nó 5 % de ghlanfhiúchas an infheisteora sin arna ríomh i gcomhréir le mír 5, áiritheoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas:
|
(a)
|
go bhfaigheann an t-infheisteoir sin rabhadh riosca;
|
|
(b)
|
go dtugann an t-infheisteoir sin toiliú sainráite don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin; agus
|
|
(c)
|
go gcruthaíonn an t-infheisteoir sin don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin go dtuigeann an t-infheisteoir an infheistíocht agus na rioscaí a ghabhann léi.
|
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaí úsáid a bhaint as an measúnú dá dtagraítear i mír 1 mar chruthúnas go dtuigeann an t-infheisteoir ionchasach neamhshofaisticiúil nó an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil an infheistíocht agus a rioscaí.
|
|
Airteagal 21 8
|
8. Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na socruithe is gá a shonrú maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh;
|
|
(b)
|
an t-ionsamhlú dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh;
|
|
(c)
|
an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a sholáthar.
|
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|