+Airteagal 28 Forálacha náisiúnta a bhaineann le ceanglais mhargaíochta a fhoilsiú
---+Airteagal 28 1
---+Airteagal 28 2
---+Airteagal 28 3
---+Airteagal 28 4
---+Airteagal 28 5
---+Airteagal 28 6
---+Airteagal 28 7
---+Airteagal 28 8
|
Airteagal 28 Forálacha náisiúnta a bhaineann le ceanglais mhargaíochta a fhoilsiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1
|
1. Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a suíomhanna gréasáin na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta sin is infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bhfuil na húdaráis inniúla freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar a gcomhlíonadh agus ar a bhforfheidhmiú i gcás soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, agus coimeádfaidh siad cothrom le dáta iad.
|
|
Airteagal 28 2
|
2. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1 agus soláthróidh siad achoimre ar na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin sin do ESMA i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
|
|
Airteagal 28 3
|
3. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 2, agus cuirfidh siad achoimre nuashonraithe ar na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin ábhartha dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do ESMA gan mhoill.
|
|
Airteagal 28 4
|
4. I gcás nach bhfuil na húdaráis inniúla freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na ndlíthe agus na dlíthe a fhorfheidhmiú, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1, foilseoidh siad ar a suíomhanna gréasáin an fhaisnéis teagmhála maidir leis an áit ar féidir faisnéis a fháil faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 28 5
|
5. Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh le haghaidh na bhfógraí faoin Airteagal seo.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin thíolacadh chuig gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 28 6
|
6. Déanfaidh ESMA an achoimre dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú agus a choinneáil ar a shuíomh gréasáin chomh maith leis na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1. Ní bheidh ESMA faoi dhliteanas i leith na faisnéise a chuirtear i láthair san achoimre.
|
|
Airteagal 28 7
|
7. Is iad na húdaráis inniúla a bheidh ina bpointí teagmhála aonair agus freagracht orthu as faisnéis faoi rialacha margaíochta a sholáthar ina mBallstáit faoi seach.
|
|
Airteagal 28 8
|
8. Tuairisceoidh údaráis inniúla do ESMA ar bhonn rialta, agus ar bhonn bliantúil ar a laghad, faoi na bearta forfheidhmiúcháin a ghlac siad le linn na bliana roimhe sin ar bhonn dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta is infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Go háirithe, áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:
|
(a)
|
i gcás inarb infheidhme, líon iomlán na mbeart forfheidhmiúcháin arna ndéanamh de réir chineál an mhí-iompair;
|
|
(b)
|
torthaí na mbeart forfheidhmiúcháin, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, lena n-áirítear na cineálacha pionóis arna bhforchur nó na leigheasanna arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin; agus
|
|
(c)
|
samplaí, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, den dóigh ar dhéileáil údaráis inniúla le cásanna inar theip ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta a chomhlíonadh.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|