5. Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh le haghaidh na bhfógraí faoin Airteagal seo.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin thíolacadh chuig gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.