+Airteagal 45 Tuarascáil
---+Airteagal 45 1
---+Airteagal 45 2
|
Airteagal 45 Tuarascáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1
|
1. Roimh an 10 Samhain 2023 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA agus le ÚBE, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 45 2
|
2. Déanfar measúnú ar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
|
(a)
|
feidhmiú an mhargaidh le haghaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas, lena n-áirítear forbairt agus treochtaí an mhargaidh, agus taithí mhaoirseachta, líon na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin údaraithe agus an sciar den mhargadh atá acu á gcur san áireamh, chomh maith le tionchar an Rialacháin seo i ndáil le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir 97/9/CE, Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129;
|
|
(b)
|
cé acu atá nó nach bhfuil raon feidhme na seirbhísí a chumhdaítear sa Rialachán seo fós iomchuí i dtaca leis an méid tairsí a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 1(2);
|
|
(c)
|
úsáid ionstraimí ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin i soláthar seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann;
|
|
(d)
|
cé acu atá nó nach bhfuil raon feidhme na seirbhísí a chumhdaítear sa Rialachán seo fós iomchuí, agus forbairt samhlacha gnó a bhaineann le hidirghabháil i ndáil le héilimh airgeadais á cur san áireamh, lena n-áirítear éilimh iasachta a shannadh d’infheisteoirí tríú páirtí nó a dhíol leo, trí bhíthin ardáin sluachistiúcháin;
|
|
(e)
|
cé acu atá nó nach bhfuil gá le coigeartuithe maidir leis na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-airítear an sainmhíniú ar infheisteoir sofaisticiúil a leagtar amach i bpointe (j) d’Airteagal 2(1) agus na critéir in Iarscríbhinn II i bhfianaise a éifeachtaí atá siad i dtaca le cosaint infheisteoirí a áirithiú;
|
|
(f)
|
cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1), Airteagal 6 agus Airteagal 24 fós iomchuí chun cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú maidir le rialachas, comhlíonadh agus nochtaithe faisnéise le haghaidh bainistiú punainne aonair iasachtaí agus i bhfianaise seirbhísí comhchosúla arna soláthar le haghaidh urrúis inaistrithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE;
|
|
(g)
|
tionchar an Rialacháin ar fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an Aontais le haghaidh seirbhísí sluachistiúcháin, lena n-áirítear an tionchar atá aige ar rochtain FBManna ar mhaoiniú agus an tionchar atá aige ar infheisteoirí agus ar chatagóirí eile daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ndéanann na seirbhísí sin difear dóibh;
|
|
(h)
|
cur chun feidhme na nuálaíochta teicneolaíochta in earnáil an tsluachistiúcháin, lena n-áirítear samhlacha gnó agus teicneolaíochtaí nua nuálacha a chur i bhfeidhm;
|
|
(i)
|
cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais stuamachta a leagtar amach in Airteagal 11 fós iomchuí chun na cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú, go háirithe maidir le leibhéal na n-íoscheanglas cistí dílse, maidir leis an sainmhíniú ar chistí dílse, maidir le hárachas a úsáid agus maidir le cistí dílse agus árachas a chomhcheangal;
|
|
(j)
|
cé acu atá nó nach bhfuil gá le hathruithe ar na ceanglais maidir le faisnéis do chliaint a leagtar amach in Airteagal 19 nó ar na coimircí cosanta d’infheisteoirí a leagtar amach in Airteagal 21;
|
|
(k)
|
cé acu atá nó nach bhfuil an méid a leagtar amach in Airteagal 21(7) fós iomchuí chun na cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú;
|
|
(l)
|
éifeacht na dteangacha lena nglacann na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus (3);
|
|
(m)
|
úsáid na gclár fógraí dá dtagraítear in Airteagal 25, lena n-áirítear an tionchar ar an margadh tánaisteach d’iasachtaí, d’urrúis inaistrithe agus d’ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin;
|
|
(n)
|
na héifeachtaí atá ag na dlíthe, rialacháin agus forálacha reachtaíochta náisiúnta lena rialaítear cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ar an iomaíocht agus ar chosaint infheisteoirí;
|
|
(o)
|
cur i bhfeidhm na bpionós riaracháin agus bearta riaracháin eile agus, go háirithe, an gá na pionóis riaracháin dá bhforáiltear le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo a chomhchuibhiú a thuilleadh;
|
|
(p)
|
an riachtanas agus an chomhréireacht a bhaineann le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur faoi réir oibleagáidí le haghaidh dlí náisiúnta a chomhlíonadh lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme i ndáil le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí, agus soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin den sórt sin a chur ar liosta na n-eintiteas atá faoi oibleagáid chun críocha na Treorach sin;
|
|
(q)
|
oiriúnacht cead a thabhairt d’eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha a bheith údaraithe mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo;
|
|
(r)
|
an comhar idir na húdaráis inniúla agus ESMA, agus oiriúnacht na n-údarás inniúil mar mhaoirseoirí ar an Rialachán seo;
|
|
(s)
|
an fhéidearthacht maidir le bearta ar leith sa Rialachán seo a thabhairt isteach chun tionscadail sluachistiúcháin inbhuanaithe agus nuálacha a chur chun cinn, chomh maith le húsáid cistí an Aontais.
|
|
(t)
|
líon iomlán agus sciar den mhargadh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarófar faoin Rialachán seo sa tréimshe ón 10 Samhain 2021 go dtí an 10 Samhain 2022, de réir aicmiú ar fhiontair bheaga, mheánmhéide agus mhóra;
|
|
(u)
|
méideanna, líon na dtionscadal agus treochtaí na seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann a sholáthar in aghaidh an Bhallstáit;
|
|
(v)
|
sciar na seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraítear faoin Rialachán seo sa mhargadh sluachistiúcháin domhanda agus ar mhargadh airgeadais an Aontais;
|
|
(w)
|
costais an Rialacháin seo le haghaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chomhlíonadh arna sloinneadh mar chéatadán de na costais oibríochtúla;
|
|
(x)
|
méid na n-infheistíochtaí arna n-aistarraingt ag infheisteoirí le linn na tréimhse machnaimh, sciar an mhéid sin de mhéid iomlán na n-infheistíochtaí agus, bunaithe ar na sonraí sin, a mheas cé acu atá nó nach bhfuil fad agus cineál na tréimhse machnaimh a leagtar amach in Airteagal 22 iomchuí agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sí dochar d’éifeachtúlacht an phróisis tiomsaithe caipitil nó do chosaint infheisteoirí;
|
|
(y)
|
líon agus méid na bhfíneálacha riaracháin agus na bpionós coiriúil arna bhforchur de réir an Rialacháin seo nó i gcomhréir leis an Rialachán seo, arna aicmiú de réir Ballstáit;
|
|
(z)
|
cineálacha agus treochtaí iompair calaoise infheisteoirí, soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus tríú páirtithe a tharlaíonn i ndáil leis an Rialacháin seo.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|