+Airteagal 25 Oibleagáidí comhair
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
|
Airteagal 25 Oibleagáidí comhair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla a dhéanann an mhaoirseacht ghinearálta ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí sin agus leis an údarás réitigh i gcás réiteach institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i ndlúthchomhar le chéile. Beidh soláthar faisnéise dá chéile atá ábhartha d’fheidhmiú chúraimí maoirseachta na n‐údarás eile faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo san áireamh sa chomhoibriú sin.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Chun críocha an dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) na nithe seo a leanas a chur in iúl:
(a)
gach faisnéis ábhartha arna iarraidh sin d’údarás inniúil eile a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2); agus
(b)
ar a dtionscnamh féin, aon fhaisnéis atá riachtanach d’údaráis inniúla eile a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i mBallstáit eile.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i gcomhar le ÚBE nó, i gcás inarb ábhartha, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), arna bhunú le Rialachán (AE) 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
), chun críocha na Treorach seo.
|
|
Airteagal 25 5.
|
Chun críocha an Airteagail seo, measfar go bhfuil faisnéis ríthábhachtach más rud é go bhféadfadh sí tionchar suntasach a imirt ar an measúnú ar eisiúint bannaí faoi chumhdach i mBallstát eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2162
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|