+Airteagal 5 Solúbthacht in úsáid na bhfáltas ó Bhannaí Glasa Eorpacha
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
|
Airteagal 5 Solúbthacht in úsáid na bhfáltas ó Bhannaí Glasa Eorpacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfaidh eisitheoirí suas le 15 % de na fáltais ó Bhanna Glas Eorpach a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a chomhlíonann na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, seachas na critéir scagtha theicniúla ar choinníoll gurb é atá sna ghníomhaíochtaí sin:
(a)
gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil aon chritéir scagtha theicniúla tagtha i bhfeidhm ina leith faoi dháta eisiúna an Bhanna Ghlais Eorpaigh; nó
(b)
gníomhaíochtaí i gcomhthéacs na tacaíochta idirnáisiúnta a thuairiscítear i gcomhréir le treoirlínte, critéir agus timthriallta tuairiscithe arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear maoiniú aeráide arna thuairisciú don Choimisiún faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus cúnamh oifigiúil forbartha arna thuairisciú do Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.
|
|
Airteagal 5 2.
|
I gcás ina leithdháilfidh eisitheoir fáltais ó Bhanna Glas Eorpach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé sa bhileog fíricí maidir leis an mBanna Glas Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 10 tuairisc ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann agus ar chéatadán measta na bhfáltas atá beartaithe chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú mar iomlán agus in aghaidh na gníomhaíochta freisin.
|
|
Airteagal 5 3.
|
I gcás ina leithdháilfidh eisitheoir fáltais ó Bhanna Glas Eorpach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), áiritheoidh sé go gcomhlíónfaidh na gníomhaíochtaí sin, i gcás inarb infheidhme, na critéir chineálacha ó thaobh ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a leagtar amach in Aguisíní A, B, C agus D a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139.
|
|
Airteagal 5 4.
|
I gcás ina leithdháilfidh eisitheoir fáltais ó Bhanna Glas Eorpach ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), áiritheoidh sé ar bhonn díchill go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí sin na critéir scagtha theicniúla ábhartha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|