+Airteagal 11 Tuarascálacha leithdháilte agus athbhreithniú iareisiúna ar thuarascálacha leithdháilte
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
|
Airteagal 11 Tuarascálacha leithdháilte agus athbhreithniú iareisiúna ar thuarascálacha leithdháilte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
I gcás gach tréimhse 12 mhí go dtí dáta leithdháileadh iomlán fháltais a mBanna Glas Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, go dtí go gcríochnófar an plean CapEx, tarraingeoidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha suas tuarascáil ar leithdháileadh Bannaí Glasa Eorpacha ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena léirítear go bhfuil fáltais an Bhanna Ghlais Eorpaigh, óna dháta eisiúna go dtí deireadh na tréimhse dá dtagraítear sa tuarascáil, leithdháilte i gcomhréir le hAirteagal 4 go hAirteagal 8. Tosóidh an chéad tréimhse 12 mhí ar an dáta eisiúna. De mhaolú ar an dara fomhír, féadfaidh eisitheoirí dáta deiridh na chéad tréimhse tuairiscithe a shocrú mar lá deireanach na bliana féilire nó na bliana airgeadais eisiúna.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Beidh sna tuarascálacha leithdháilte, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an phlean CapEx. Foilseoidh eisitheoirí, ina dtuarascálacha leithdháilte bliantúla, na cúiseanna le haon mhoill nó diall ag a bhfuil tionchar suntasach ar chur chun feidhme an phlean CapEx.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Féadfaidh baint a bheith ag na tuarascálacha leithdháilte le níos mó ná eisiúint amháin de Bhannaí Glasa Eorpacha.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Gheobhaidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha athbhreithniú iareisiúna ó athbhreithneoir seachtrach ar an tuarascáil leithdháilte a tharraingítear suas tar éis leithdháileadh iomlán fháltais an Bhanna Ghlais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Más rud é, tar éis fhoilsiú na tuarascála leithdháilte i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (d), go gceartaítear leithdháileadh na bhfáltas, leasóidh eisitheoirí na mBannaí Glasa Eorpacha lena mbaineann an tuarascáil leithdháilte agus gheobhaidh siad athbhreithniú iareisiúna ó athbhreithneoir seachtrach ar an tuarascáil leithdháilte leasaithe sin, gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 11 6.
|
De mhaolú ar mhír 4, beidh gach tuarascáil leithdháilte ag eisitheoirí a leithdháileann fáltais de Bhanna Glas Eorpach amháin nó níos mó ar phunann sócmhainní, faoi réir athbhreithniú iareisiúna a dhéanfaidh athbhreithneoir seachtrach. Tabharfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach aird ar leith ar na sócmhainní sin nár áiríodh in aon tuarascáil leithdháilte a foilsíodh roimhe sin. Ní cheanglófar an t-athbhreithniú iareisiúna sin i gcás, le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil leithdháilte, nach ndearnadh aon athrú ar leithdháileadh ar an bpunann sócmhainní agus nár athraíodh aon sócmhainn sa phunann ná ní raibh aon sócmhainn faoi réir athrú ar leithdháileadh, i gcomparáid leis an tréimhse a cumhdaíodh sa tuarascáil leithdháilte roimhe sin. Sna cásanna sin, áireofar sa tuarascáil leithdháilte chomhfhreagrach ráiteas maidir le heasnamh an athbhreithnithe iareisiúna toisc easnamh na n-athruithe sin.
|
|
Airteagal 11 7.
|
Áiritheoidh eisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha go ndéanfar na tuarascálacha leithdháilte bliantúla agus, i gcás inarb infheidhme, aon athbhreithniú iareisiúna a cheanglaítear leis an Airteagal seo a chur ar fáil don phobal laistigh de 270 lá tar éis dheireadh gach tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 1. Laistigh den tréimhse 270 lá sin, áiritheoidh na heisitheoirí go mbeidh 90 lá ar a laghad ag an athbhreithneoir seachtrach chun tuarascáil leithdháilte a athbhreithniú.
|
|
Airteagal 11 8.
|
Beidh an fhaisnéis seo a leanas san athbhreithniú iareisiúna dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo:
(a)
measúnú ar cibé acu a leithdháil an t-eisitheoir fáltais an bhanna, i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8, ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh don athbhreithneoir seachtrach;
(b)
measúnú ar cibé acu a leithdháil an t-eisitheoir fáltais an bhanna mar a leagtar amach sa bhileog fíricí maidir le Banna Glas Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 10, ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh don athbhreithneoir seachtrach;
(c)
na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|