+Airteagal 39 Forálacha ginearálta
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
---+Airteagal 39 4.
---+Airteagal 39 5.
---+Airteagal 39 6.
---+Airteagal 39 7.
---+Airteagal 39 8.
---+Airteagal 39 9.
|
Airteagal 39 Forálacha ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 39 1.
|
Féadfaidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír a sheirbhísí a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo d’eisitheoirí Bhannaí Glasa Eorpacha i gcás ina bhfuil an t-athbhreithneoir tríú tír sin cláraithe i gclár na n-athbhreithneoirí seachtracha tríú tír arna choimeád ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 67.
|
|
Airteagal 39 2.
|
Ní chláróidh ESMA athbhreithneoir seachtrach tríú tír a rinne iarratas ar sheirbhísí athbhreithneora sheachtraigh a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo ar fud an Aontais i gcomhréir le mír 1 (‘an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír’) ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ghlac an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 40;
(b)
tá an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír cláraithe nó údaraithe chun seirbhísí athbhreithnithe sheachtraigh a bheidh le soláthar san Aontas a sholáthar agus tá sé faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiúchán éifeachtach lena n-áirithítear go gcomhlíontar go hiomlán na ceanglais is infheidhme sa tríú tír sin;
(c)
tá socruithe comhair bunaithe de bhun Airteagal 40(3).
|
|
Airteagal 39 3.
|
I gcás ina bhfuil athbhreithneoir seachtrach tríú tír cláraithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfar aon cheanglais bhreise a fhorchur maidir leis an athbhreithneoir seachtrach tríú tír i leith nithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 39 4.
|
Cuirfidh an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír a iarratas faoi bhráid ESMA, trí úsáid a bhaint as na foirmeacha agus na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 23(7), tar éis don Choimisiún cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 40(1) a ghlacadh maidir leis an tríú tír ina bhfuil an t-athbhreithneoir seachtrach tríú tír sin cláraithe nó údaraithe.
|
|
Airteagal 39 5.
|
Soláthróidh an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach an tríú tír an fhaisnéis uile is gá do ESMA chun é a chlárú.
|
|
Airteagal 39 6.
|
Laistigh de 20 lá oibre ó iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas iomlán. Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra faoin méid sin don athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír agus leagfaidh sé síos spriocdháta faoina mbeidh ar an athbhreithneoir seachtrach tríú tír faisnéis bhreise a sholáthar. I gcás ina bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh ESMA fógra faoin méid sin don athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír.
|
|
Airteagal 39 7.
|
Laistigh de 45 lá oibre tar éis iarratas iomlán a fháil, tabharfaidh ESMA míniú lánréasúnaithe i scríbhinn don athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an clárú. Féadfaidh ESMA síneadh 15 lá oibre a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír seachfhoinsiú a úsáid chun a chuid gníomhaíochtaí mar athbhreithneoir seachtrach a dhéanamh.
|
|
Airteagal 39 8.
|
Tabharfaidh ÚEUM fógra i scríbhinn don athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír faoi chlárú an athbhreithneora sheachtraigh tríú tír sin, nó faoin diúltú an t-athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír a chlárú. Le cinneadh den sórt sin clárú nó diúltú athbhreithneoir seachtrach iarrthach tríú tír a chlárú, tabharfar cúiseanna leis an gcinneadh sin agus gabhfaidh éifeacht leis an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.
|
|
Airteagal 39 9.
|
Déanfaidh athbhreithneoirí seachtracha tríú tír, roimh dóibh aon seirbhís a sholáthar i ndáil le heisitheoirí Bannaí Glasa Eorpacha atá bunaithe san Aontas, tairiscint chun aon díospóid a bhaineann leis na seirbhísí sin a chur faoi bhráid dlínse cúirte Ballstáit nó binse eadrána ag a bhfuil suíochán i mBallstát.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|