|
+Airteagal 54 3. |
Airteagal 54 3.Nuair a cheanglaítear faisnéis a sholáthar le cinneadh faoi mhír 1, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
(a)
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;
(b)
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
(d)
socróidh sé teorainn ama faoina gcaithfear an fhaisnéis a sholáthar;
(e)
sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 61 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilítear neamhiomlán;
(f)
léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 60, i gcás inar mícheart nó míthreorach iad na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh;
(g)
sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc i gcomhréir le hAirteagal 58 agus Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) i gcomhréir le hAirteagal 60 agus Airteagal 61 den Rialachán sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|