|
+Airteagal 60 1. |
Airteagal 60 1.Glacfaidh ESMA cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 63(8), go gcinnfidh sé go ndearna athbhreithneoir seachtrach nó aon duine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1), d’aon ghnó nó le faillí, ceann amháin nó níos mó de na sáruithe seo a leanas:
(a)
neamhchomhlíonadh Airteagal 24(1) nó aon fhoráil de Theideal IV, Caibidil 2 agus Caibidil 3;
(b)
ráitis bhréagacha a chur isteach agus iarratas á dhéanamh ar chlárú mar athbhreithneoir seachtrach, nó úsáid a bhaint as aon mhodh neamhrialta eile chun clárú den sórt sin a fháil;
(c)
mainníodh faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar chinneadh lena n-éilítear faisnéis de bhun Airteagal 54, nó soláthraíodh faisnéis mhícheart nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh ar fhaisnéis nó ar chinneadh;
(d)
cuireadh bac ar an imscrúdú nó níor comhlíonadh é de bhun Airteagal 55(1), pointe (a), (b), (c), nó (e);
(e)
neamhchomhlíonadh Airteagal 56, má mainníodh míniú a thabhairt i dtaca le fíorais nó doiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta, nó má tugadh míniú mícheart nó míthreorach;
(f)
rinneadh gníomhaíocht athbhreithneoirí seachtracha nó maíodh gur athbhreithneoir seachtrach a bhí i gceist, gan bheith cláraithe mar athbhreithneoir seachtrach. Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar fhachtóirí oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|