+Airteagal 17 5
|
Airteagal 17 5
5. Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG, maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1, agus maidir leis na daoine a bhfuil post ardbhainistíochta acu sa soláthraí rátála ESG:
|
(a)
|
go ndéanann siad gach beart réasúnach chun maoin agus taifid atá i seilbh an tsoláthraí rátála ESG a chosaint ar chalaois, ar ghoid nó ar mhí-úsáid, agus aird á tabhairt ar chineál, scála agus castacht ghnó an tsoláthraí rátála ESG agus ar chineál agus raon a ghníomhaíochtaí rátála ESG;
|
|
(b)
|
nach roinneann siad faisnéis rúnda a cuireadh de chúram ar an soláthraí rátála ESG le haon duine nach bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí rátála ESG a sholáthar, lena n-áirítear anailísithe rátála agus fostaithe aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an soláthraí rátála ESG trí rialú, agus aon duine nádúrtha eile a bhfuil nó a raibh a chuid seirbhísí ar fáil ag aon duine, nó faoi rialú aon duine, atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an soláthraí rátála ESG trí rialú;
|
|
(c)
|
nach n-úsáideann nó nach roinneann siad faisnéis rúnda chun aon chríche eile seachas chun gníomhaíochtaí rátála ESG a sholáthar, lena n-áirítear chun ionstraimí airgeadais a thrádáil; agus
|
|
(d)
|
nach n-iarrfaidh siad airgead, bronntanais nó fabhair ar aon duine lena ndéanann an soláthraí rátála ESG gnó ná nach nglacfaidh siad le hairgead, bronntanais nó fabhair uathu.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|