+Airteagal 17 Anailísithe rátála, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint acu le soláthar rátálacha ESG
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
---+Airteagal 17 3
---+Airteagal 17 4
---+Airteagal 17 5
---+Airteagal 17 6
---+Airteagal 17 7
---+Airteagal 17 8

Airteagal 17 Anailísithe rátála, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint acu le soláthar rátálacha ESG

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1

1.   Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG go gcuirfear oiliúint iomchuí ar anailísithe rátála, ar fhostaithe agus ar aon duine nádúrtha eile faoina smacht nó a gcuirtear a seirbhísí ar fáil dóibh mar shampla trí shocrú conarthach, agus a bhfuil baint dhíreach acu le rátálacha ESG a sholáthar, lena n-áirítear anailísithe riosca a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas rátála agus daoine a bhfuil baint acu le scóir ESG a sholáthar, go mbeidh oiliúint iomchuí acu agus go mbeidh an t-eolas agus an taithí acu is gá chun na dualgais agus na cúraimí a shanntar a chomhlíonadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tuiscint leordhóthanach ar aon riosca ábhartha airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann don mhír rátáilte agus ar aon tionchar ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ag an mír rátáilte ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí i gcoitinne.

Airteagal 17 2

2.   Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG nach gceadaítear do na daoine dá dtagraítear i mír 1 caibidlíocht maidir le táillí nó íocaíochtaí a thionscnamh, nó páirt a ghlacadh iontu, le haon mhír rátáilte nó le heisitheoir míre rátáilte, nó le haon duine a bhfuil nasc aige go díreach nó go hindíreach leis an mír rátáilte nó le heisitheoirí na míre rátáilte trí rialú.

Airteagal 17 3

3.   Cé is moite de shealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena n-áirítear cistí bainistithe, nó infheistíochtaí arna ndéanamh faoi bhainistíocht punainne lánroghnach:

(a)

ní cheannóidh ná ní dhíolfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1, a bhfuil baint dhíreach acu le cinneadh rátála aonair ar mhír rátáilte, aon ionstraim airgeadais arna heisiúint, arna ráthú nó arna tacú ar shlí eile ag aon eintiteas atá rátáilte laistigh dá réimse freagrachta ó thaobh anailíse de nó ag aon eintiteas laistigh de ghrúpa an eintitis sin, ná ní rachaidh siad i mbun aon idirbheart in ionstraimí airgeadais den sórt sin.

(b)

ní cheannóidh ná ní dhíolfaidh daoine a bhfuil post ardbhainistíochta acu sa soláthraí rátála ESG aon ionstraim airgeadais arna heisiúint, arna ráthú nó arna tacú ar shlí eile ag aon eintiteas arna rátáil ag an soláthraí rátála ESG, nó ag aon eintiteas laistigh de ghrúpa an eintitis sin, ná ní rachaidh siad i mbun aon idirbheart in ionstraimí airgeadais den sórt sin

Airteagal 17 4

4.   Ní bheidh baint dhíreach ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 le rátáil ESG na míre rátáilte ábhartha a chinneadh, ná ní imreoidh siad tionchar ar bith ar an rátáil ESG sin a chinneadh, i gcás inar fíor an méid seo a leanas faoi na daoine sin:

(a)

go sealbhaíonn siad ionstraimí airgeadais den mhír rátáilte, seachas sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena n-áirítear cistí bainistithe, agus infheistíochtaí arna ndéanamh faoi bhainistiú punainne lánroghnach;

(b)

go sealbhaíonn siad ionstraimí airgeadais aon eintitis, a bhfuil gaol acu le mír rátáilte, agus go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist leis an úinéireacht sin, nó go bhféadfadh an dearcadh ginearálta a bheith ann go bhfuil coinbhleacht leasa i gceist léi, seachas sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe lena n-áirítear cistí bainistithe, agus infheistíochtaí arna ndéanamh faoi bhainistíocht punainne lánroghnach;

(c)

go raibh, le bliain anuas, fostaíocht, gnó nó caidreamh eile acu leis an eintiteas arna rátáil ag an soláthraí rátála ESG nó le haon eintiteas laistigh de ghrúpa an eintitis sin a d’fhéadfadh a bheith ina chúis nó ina cúis le coinbhleacht leasa nó a d’fhéadfadh an dearcadh ginearálta a chruthú go bhfuil coinbhleacht leasa ann.

Airteagal 17 5

5.   Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG, maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1, agus maidir leis na daoine a bhfuil post ardbhainistíochta acu sa soláthraí rátála ESG:

(a)

go ndéanann siad gach beart réasúnach chun maoin agus taifid atá i seilbh an tsoláthraí rátála ESG a chosaint ar chalaois, ar ghoid nó ar mhí-úsáid, agus aird á tabhairt ar chineál, scála agus castacht ghnó an tsoláthraí rátála ESG agus ar chineál agus raon a ghníomhaíochtaí rátála ESG;

(b)

nach roinneann siad faisnéis rúnda a cuireadh de chúram ar an soláthraí rátála ESG le haon duine nach bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí rátála ESG a sholáthar, lena n-áirítear anailísithe rátála agus fostaithe aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an soláthraí rátála ESG trí rialú, agus aon duine nádúrtha eile a bhfuil nó a raibh a chuid seirbhísí ar fáil ag aon duine, nó faoi rialú aon duine, atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an soláthraí rátála ESG trí rialú;

(c)

nach n-úsáideann nó nach roinneann siad faisnéis rúnda chun aon chríche eile seachas chun gníomhaíochtaí rátála ESG a sholáthar, lena n-áirítear chun ionstraimí airgeadais a thrádáil; agus

(d)

nach n-iarrfaidh siad airgead, bronntanais nó fabhair ar aon duine lena ndéanann an soláthraí rátála ESG gnó ná nach nglacfaidh siad le hairgead, bronntanais nó fabhair uathu.

Airteagal 17 6

6.   I gcás ina measann na daoine dá dtagraítear i mír 1 go raibh iompar a mheasann siad a bheith neamhdhleathach ar bun ag aon duine eile dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh siad é a thuairisciú don fheidhm formhaoirseachta láithreach. Áiritheoidh an soláthraí rátála ESG nach mbeidh aon iarmhairt dhiúltach ag an tuairisciú sin ar an duine a dhéanfaidh an tuairisciú.

Airteagal 17 7

7.   I gcás ina gcuireann anailísí rátála deireadh lena fhostaíocht nó lena fostaíocht le soláthraí rátála ESG agus, laistigh de bhliain amháin tar éis deireadh a chur leis an bhfostaíocht, go dtéann sé nó sí isteach i mír rátáilte nó eisitheoir míre rátáilte a raibh baint dhíreach aige nó aici le cinneadh a rátála aonair, déanfaidh an soláthraí rátála ESG athbhreithniú ar obair ábhartha an anailísí rátála ar feadh na tréimhse bliana roimh imeacht dó nó di chun a fhíorú an raibh aon choinbhleacht leasa ann.

Airteagal 17 8

8.   Ní rachaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1, agus daoine a bhfuil post ardbhainistíochta acu i soláthraí rátála ESG, i mbun poist ardbhainistíochta laistigh de mhír rátáilte nó eisitheoir míre rátáilte a raibh baint acu le cinneadh a rátála aonair ar feadh tréimhse naoi mí tar éis dháta na rátála sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.