+Airteagal 34 Cigireachtaí ar an láthair
---+Airteagal 34 1
---+Airteagal 34 2
---+Airteagal 34 3
---+Airteagal 34 4
---+Airteagal 34 5
---+Airteagal 34 6
---+Airteagal 34 7
---+Airteagal 34 8
---+Airteagal 34 9

Airteagal 34 Cigireachtaí ar an láthair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 34 1

1.   Chun a dhualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1). Féadfaidh ESMA an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin chun na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.

Airteagal 34 2

2.   Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile arna n-údarú ag ESMA cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó agus talamh de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag ESMA agus beidh na cumhachtaí dá ndéantar foráil in Airteagal 33(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó agus aon leabhar nó aon taifead a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

Airteagal 34 3

3.   Na hoifigigh agus na daoine eile arna n-údarú ag ESMA chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh, déanfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird lena sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta. Léireofar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá ndéantar foráil in Airteagal 37 san údarú sin freisin i gcás nach ngéilleann na daoine lena mbaineann don chigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sí le déanamh.

Airteagal 34 4

4.   Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) den Rialachán seo do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá ndéantar foráil in Airteagal 37 den Rialachán seo, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh ESMA cinntí den sórt sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.

Airteagal 34 5

5.   Oifigigh agus daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, tabharfaidh siad cúnamh gníomhach d’oifigigh agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ESMA, arna iarraidh sin ag ESMA. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 acu. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin, arna iarraidh sin.

Airteagal 34 6

6.   Féadfaidh ESMA freisin a cheangal ar na húdaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair thar a cheann, mar a fhoráiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 33(1) a dhéanamh. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ESMA de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 33(1).

Airteagal 34 7

7.   I gcás ina bhfaigheann oifigigh agus daoine eile arna n-údarú ag ESMA amach go bhfuil duine ag cur in aghaidh cigireacht arna hordú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmithe, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

Airteagal 34 8

8.   Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas de réir na rialacha náisiúnta gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

Airteagal 34 9

9.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 8, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go bhfuil cinneadh ESMA barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Le linn dó fíorú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ESMA mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ESMA amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ESMA a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ESMA faoi réir a hathbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.