+Airteagal 5 Dícheall cuí
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.

Airteagal 5 Dícheall cuí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí dícheall cuí rioscabhunaithe maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol mar a leagtar síos in Airteagail 7 go 16 (“dícheall cuí”) trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais agus ina gcórais bainistithe riosca i gcomhréir le hAirteagal 7;

(b) 

drochthionchair iarbhír nó fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus i gcás inar gá, tosaíocht a thabhairt do dhrochthionchair fhéideartha agus iarbhír i gcomhréir le hAirteagal 9;

(c) 

drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú, agus deireadh a chur le drochthionchair iarbhír agus a méid a mhaolú i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11;

(d) 

leigheas a chur ar fáil i gcás drochthionchair iarbhír i gcomhréir le hAirteagal 12;

(e) 

dul i mbun rannpháirtíocht fhóinteach leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 13;

(f) 

sásra fógra agus nós imeachta gearán a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 14;

(g) 

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht a mbeartais díchill chuí agus a mbeart díchill chuí i gcomhréir le hAirteagal 15;

(h) 

an dícheall cuí a chur in iúl go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 5 2.
Áiritheoidh na Ballstáit, chun críocha díchill chuí, go bhfuil cuideachtaí i dteideal acmhainní agus faisnéis a chomhroinnt laistigh dá ngrúpaí cuideachtaí faoi seach agus le heintitis dhlíthiúla eile.
Airteagal 5 3.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh oibleagáid ar chomhpháirtí gnó faisnéis ar rún trádála í mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2016/943 a nochtadh do chuideachta atá ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo gan dochar do nochtadh chéannacht na gcomhpháirtithe gnó díreacha agus indíreacha, ná faisnéis bhunriachtanach is gá chun drochthionchair iarbhír nó fhéideartha a shainaithint, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis chun go gcomhlíonfaidh an chuideachta oibleagáidí díchill chuí. Beidh an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag na comhpháirtithe gnó a rúin trádála a chosaint trí na sásraí a bhunaítear le Treoir (AE) 2016/943. Ní bheidh oibleagáid ar chomhpháirtithe gnó riamh faisnéis rúnaicmithe nó faisnéis eile a nochtadh a mbeadh a nochtadh ina cúis le riosca do leasanna bunriachtanacha slándála stáit.
Airteagal 5 4.
Ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí doiciméadacht a choinneáil maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh chun a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh chun comhlíonadh a léiriú, lena n-áirítear fianaise thacaíochta, go ceann 5 bliana ar a laghad ón tráth a táirgeadh nó a fuarthas an doiciméadacht sin.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse choinneála dá bhforáiltear sa chéad fhomhír go bhfuil imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin ar siúl faoin Treoir seo, cuirfear síneadh leis an tréimhse choinneála go dtí go dtabharfar an t-ábhar i gcrích.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.