+Airteagal 24 Údaráis mhaoirseachta
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.
---+Airteagal 24 7.
---+Airteagal 24 8.
---+Airteagal 24 9.
---+Airteagal 24 10.

Airteagal 24 Údaráis mhaoirseachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Ainmneoidh gach Ballstát údarás maoirseachta amháin nó níos mó chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagail 7 go 16.
Airteagal 24 2.
Maidir le cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), is é a bheidh san údarás maoirseachta inniúil údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta.
Airteagal 24 3.
Maidir le cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), is é a bheidh san údarás maoirseachta inniúil údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil brainse ag an gcuideachta. Mura bhfuil brainse ag an gcuideachta in aon Bhallstát, nó mura bhfuil brainsí aici i mBallstáit éagsúla, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit inar ghin an chuideachta an chuid is mó dá glanláimhdeachas san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an dáta a luaitear in Airteagal 37 nó an dáta a chomhlíonann an chuideachta na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(2) den chéad uair a bheidh an t-údarás maoirseachta inniúil, cibé acu is déanaí.

Féadfaidh cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), ar bhonn athrú ar imthosca as a n-eascraíonn an chuid is mó dá láimhdeachas san Aontas i mBallstát eile, iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh chun an t-údarás maoirseachta atá inniúil ar ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo a athrú i ndáil leis an gcuideachta sin.

Airteagal 24 4.
I gcás ina gcomhlíonfaidh máthairchuideachta na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo thar ceann a fochuideachtaí i gcomhréir le hAirteagal 6, comhoibreoidh údarás inniúil maoirseachta na máthairchuideachta le húdarás inniúil maoirseachta na fochuideachta, a leanfaidh de bheith inniúil chun a áirithiú go mbeidh an fhochuideachta faoi réir fheidhmiú na gcumhachtaí i gcomhréir le hAirteagal 25. I ndáil leis sin, éascóidh Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta a cuireadh ar bun faoi Airteagal 28 an comhar, an comhordú agus an cúnamh frithpháirteach is gá i gcomhréir le hAirteagal 28.
Airteagal 24 5.
I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás maoirseachta amháin, áiritheoidh sé go saineofar inniúlachtaí faoi seach na n-údarás maoirseachta sin go soiléir agus go gcomhoibreoidh siad go dlúth agus go héifeachtach lena chéile.
Airteagal 24 6.
Féadfaidh na Ballstáit na húdaráis a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthais airgeadais rialáilte mar údaráis mhaoirseachta freisin chun críocha na Treorach seo.
Airteagal 24 7.
Faoin 26 Iúil 2028, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás maoirseachta arna n-ainmniú de bhun an Airteagail seo, mar aon lena n-inniúlachtaí faoi seach i gcás ina bhfuil roinnt údaráis mhaoirseachta ainmnithe ann. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe a dhéanfar orthu.
Airteagal 24 8.
Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar a shuíomh gréasáin liosta na n-údarás maoirseachta, agus, i gcás ina bhfuil roinnt údarás maoirseachta ag Ballstát, inniúlachtaí na n-údarás sin faoi seach i ndáil leis an Treoir seo. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta go rialta ar bhonn na faisnéise a gheofar ó na Ballstáit.
Airteagal 24 9.
Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas na n-údarás maoirseachta agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh siad féin agus gach duine a oibríonn dóibh nó a d’oibrigh dóibh agus iniúchóirí, saineolaithe agus aon daoine eile a bheidh ag gníomhú thar a gceann, a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus le hurraim chuí ar oibleagáidí na rúndachta gairmiúla. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis mhaoirseachta neamhspleách go dlíthiúil agus go feidhmiúil agus saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, lena n-áirítear, go mbeidh sé neamhspleách ar na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo nó ar leasanna eile sa mhargadh, go mbeidh a bhfoireann agus na daoine atá freagrach as a bhainistiú saor ó choinbhleachtaí leasa, faoi réir ceanglais rúndachta, agus go staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais.
Airteagal 24 10.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis mhaoirseachta tuarascáil bhliantúil maidir lena ngníomhaíochtaí faoin Treoir seo agus go gcuirfear ar fáil ar líne.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.