+Airteagal 25 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 7.
---+Airteagal 25 8.
---+Airteagal 25 9.
|
Airteagal 25 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí agus acmhainní leormhaithe ag na húdaráis mhaoirseachta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Treoir seo a dhéanamh, lena n-áirítear an chumhacht chun a cheangal ar chuideachtaí faisnéis a sholáthar agus imscrúduithe a bhaineann le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7 go 16 a dhéanamh.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Féadfaidh údarás maoirseachta imscrúdú ar a thionscnamh féin nó mar thoradh ar ábhair imní chuí-réasúnaithe a cuireadh in iúl dó de bhun Airteagal 26, má mheasann sé go bhfuil faisnéis leordhóthanach aige lena léirítear gur sháraigh cuideachta na hoibleagáidí dá bhforáiltear i bhforálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Déanfar cigireachtaí i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht agus tar éis réamhrabhadh a thabhairt don chuideachta, ach amháin i gcás ina gcuirfidh an réamhrabhadh sin bac ar éifeachtacht na cigireachta. I gcás inar mian le húdarás maoirseachta, mar chuid dá imscrúdú, cigireacht a dhéanamh ar chríoch Bhallstáit nach é a Bhallstát féin é, iarrfaidh sé cúnamh ar an údarás maoirseachta sa Bhallstát sin de bhun Airteagal 28(3).
|
|
Airteagal 25 4.
|
Más rud é, mar thoradh ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun mhíreanna 1 agus 2, go sainaithníonn údarás maoirseachta cás nach bhfuil i bhforálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo á gcomhlíonadh, tabharfaidh sé tréimhse iomchuí ama don chuideachta lena mbaineann chun gníomh leighis a dhéanamh, más indéanta an gníomh sin. Trí ghníomh leighis a dhéanamh, ní chuirtear bac ar phionóis a fhorchur ná ar dhliteanas sibhialta a ghníomhachtú, i gcomhréir le hAirteagal 27 agus le hAirteagal 29, faoi seach.
|
|
Airteagal 25 5.
|
Agus a gcúraimí á ndéanamh acu, beidh na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ag na húdaráis mhaoirseachta:
(a)
a ordú don chuideachta:
(i)
scor de sháruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo trí ghníomh a dhéanamh nó scor d’iompar;
(ii)
staonadh ó aon athdhéanamh ar an iompar ábhartha; agus
(iii)
i gcás inarb iomchuí, leasúchán atá comhréireach leis an sárú agus atá riachtanach chun an sárú a thabhairt chun deiridh a chur ar fáil;
(b)
pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 27; agus
(c)
bearta eatramhacha a ghlacadh i gcás garbhaol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe.
|
|
Airteagal 25 6.
|
Feidhmeoidh na húdaráis mhaoirseachta na cumhachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(b)
i gcomhar le húdaráis eile; nó
(c)
trí iarraidh ar na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, a áiritheoidh go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht acu atá coibhéiseach le fíneálacha riaracháin arna bhforchur go díreach ag údaráis mhaoirseachta.
|
|
Airteagal 25 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil in aghaidh cinneadh ó údarás maoirseachta a bhaineann leis an duine sin agus atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 25 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádann na húdaráis mhaoirseachta taifid ar na himscrúduithe dá dtagraítear i mír 1, ina léirítear, go háirithe, cineál agus toradh na n-imscrúduithe sin, chomh maith le taifid ar aon ghníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin arna déanamh faoi mhír 5.
|
|
Airteagal 25 9.
|
Is gan dochar do dhliteanas sibhialta na cuideachta faoi Airteagal 29 a bheidh cinntí na n-údarás maoirseachta maidir le forálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a bheith á gcomhlíonadh ag cuideachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|