|
+Airteagal 2 |
Airteagal 2Airteagal 2 Sainmhínithe
1.
Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1624 agus Airteagal 2 de Threoir (AE) 2024/1640, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid’ institiúid creidmheasa, institiúid airgeadais, nó grúpa institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde san Aontas i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, atá faoi mhaoirseacht dhíreach an Údaráis de bhun Airteagal 13;
(2)
ciallaíonn ‘eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid’ institiúid creidmheasa, institiúid airgeadais, nó grúpa institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde san Aontas i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, seachas eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid;
(3)
ciallaíonn ‘córas maoirseachta AML/CFT’ an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta sna Ballstáit;
(4)
ciallaíonn ‘údarás neamh-AML/CFT’:
(a)
údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (40), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
(b)
an Banc Ceannais Eorpach (BCE), nuair a dhéanann sé na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
(c)
údarás réitigh arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE;
(d)
údarás ainmnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE;
(e)
údarás inniúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (35), de Rialachán (AE) 2023/1114. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|