|
+Airteagal 5 3. |
Airteagal 5 3.Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas maidir le maoirseoirí airgeadais:
(a)
liosta cothrom le dáta de mhaoirseoirí airgeadais laistigh den Aontas a choinneáil ar bun;
(b)
measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh acmhainní, cumhachtaí agus straitéisí leordhóthanacha ag na maoirseoirí airgeadais uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh i réimse AML/CFT, agus torthaí na measúnuithe sin a chur ar fáil;
(c)
bearta iomchuí a dhéanamh, mar fhreagairt ar iarraidh ó mhaoirseoirí airgeadais ar an Údarás glacadh le maoirseacht dhíreach nó ar thionscnamh an Údaráis féin, in imthosca eisceachtúla lena gceanglaítear idirghabháil an Údaráis agus a bhaineann le comhlíonadh nó neamhchosaint ar riosca na n-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid;
(d)
feidhmiú choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais a éascú;
(e)
rannchuidiú, i gcomhar le maoirseoirí airgeadais, le cóineasú cleachtas maoirseachta agus le hardchaighdeáin mhaoirseachta a chur chun cinn i réimse AML/CFT, lena n-áirítear i ndáil le fíorú ar chomhlíonadh cheanglais AML/CFT a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe;
(f)
an fhoireann agus malartú faisnéise a chomhordú i measc maoirseoirí airgeadais san Aontas i réimse AML/CFT;
(g)
cúnamh a chur ar fáil, i réimse AML/CFT, do mhaoirseoirí airgeadais, tar éis dóibh iarrataí sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear iarrataí idirghabháil idir maoirseoirí airgeadais;
(h)
easaontais a réiteach, le héifeacht cheangailteach, idir maoirseoirí airgeadais maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcomhthéacs coláistí maoirseachta AML/CFT, tar éis iarraidh shonrach dá dtagraítear i bpointe (g); 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|