+Airteagal 5
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
|
Airteagal 5
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas i leith rioscaí a bhaineann le ML/TF atá roimh an margadh inmheánach:
(a)
faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus measúnú a dhéanamh ar bhagairtí, leochaileachtaí agus rioscaí i ndáil le ML/TF;
(b)
faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i dtríú tíortha agus measúnú a dhéanamh ar bhagairtí, leochaileachtaí agus rioscaí i ndáil lena gcórais AML/CFT a bhfuil tionchar acu, nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu, ar an margadh inmheánach;
(c)
faisnéis a bhailiú agus a anailísiú óna ghníomhaíochtaí maoirseachta féin agus gníomhaíochtaí na maoirseoirí agus na n-údarás maoirseachta maidir le laigí a sainaithníodh i gcur i bhfeidhm rialacha AML/CFT ag eintitis faoi oibleagáid, neamhchosaint ar riosca na n-eintiteas faoi oibleagáid, na smachtbhannaí a fhorchuirtear agus na gníomhaíochtaí feabhais a dhéantar;
(d)
bunachar sonraí lárnach AML/CFT a bhunú den fhaisnéis a bhailítear ó údaráis mhaoirseachta nó a eascraíonn as gníomhaíochtaí an Údaráis, agus é a choimeád cothrom le dáta;
(e)
anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhailítear sa bhunachar sonraí lárnach agus na hanailísí sin a chomhroinnt le maoirseoirí, údaráis mhaoirseachta agus údaráis neamh-AML/CFT ar bhonn riachtanais eolais agus rúnda;
(f)
tacú leis an anailís ar rioscaí ML/TF agus le neamhchur chun feidhme agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a dhéanann difear don mhargadh inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640;
(g)
tacú le comhar agus malartú faisnéise idir eintitis faoi oibleagáid agus maoirseoirí, údaráis mhaoirseachta agus údaráis neamh-AML/CFT agus an comhar agus an malartú sin a éascú agus a neartú chun comhthuiscint ar rioscaí agus bagairtí ML/TF atá roimh an margadh inmheánach a fhorbairt, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí le haghaidh comhroinnt faisnéise i réimse AML/CFT;
(h)
foilseacháin a eisiúint agus oiliúint a chur ar fáil, chomh maith le seirbhísí eile ar éileamh, chun aird a tharraingt ar rioscaí ML/TF agus chun aghaidh a thabhairt orthu;
(i)
aon chás ina bhfaigheann an tÚdarás amach, agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, go ndearna Ballstát Treoir (AE) 2024/1640 a thrasuí go mícheart nó go neamhiomlán a thuairisciú don Choimisiún;
(j)
aon chúram sonrach eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna gníomhartha reachtacha eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a dhéanamh;
▼M1
(k)
cúnamh a thabhairt don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear leasuithe ar an méid seo a leanas:
(i)
deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe atá iomarcach nó imithe i léig agus costais a íoslaghdú, agus inúsáidteacht sonraí agus cáilíocht sonraí á gcaomhnú;
(ii)
ceanglais tuairiscithe chomhréireacha agus chomhsheasmhacha a áirithiú; agus
(iii)
aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála a bhaineann le ceanglais tuairiscithe.
▼B
|
|
Airteagal 5 2.
|
Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas maidir le heintitis roghnaithe faoi oibleagáid:
(a)
a áirithiú go gcomhlíonfaidh na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid na ceanglais is infheidhme maidir leo de bhun Rialachán (AE) 2024/1624 agus Rialachán (AE) 2023/1113, lena n-áirítear oibleagáidí a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme;
(b)
athbhreithnithe agus measúnuithe maoirseachta a dhéanamh ar leibhéal na n-eintiteas aonair agus ar leibhéal an ghrúpa chun a chinneadh cibé acu is leor na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha arna gcur i bhfeidhm ag na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid chun na ceanglais is infheidhme maidir leo a chomhlíonadh, agus ar bhonn na n-athbhreithnithe agus na measúnuithe maoirseachta sin, ceanglais shonracha, bearta riaracháin a chur i bhfeidhm, agus smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun Airteagail 21, 22 agus 23;
(c)
páirt a ghlacadh i maoirseacht uile-ghrúpa, go háirithe i gcoláistí maoirseachta AML/CFT, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid ina chuid de ghrúpa a bhfuil a cheanncheathrú nó fochuideachtaí nó brainsí dá chuid lasmuigh den Aontas;
(d)
córas a fhorbairt agus a choimeád cothrom le dáta chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus leochaileachtaí na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid chun eolas a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus na n-údarás maoirseachta, lena n-áirítear trí shonraí a bhailiú ó na heintitis sin trí cheistneoirí struchtúrtha agus uirlisí eile ar líne nó as líne.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas maidir le maoirseoirí airgeadais:
(a)
liosta cothrom le dáta de mhaoirseoirí airgeadais laistigh den Aontas a choinneáil ar bun;
(b)
measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh acmhainní, cumhachtaí agus straitéisí leordhóthanacha ag na maoirseoirí airgeadais uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh i réimse AML/CFT, agus torthaí na measúnuithe sin a chur ar fáil;
(c)
bearta iomchuí a dhéanamh, mar fhreagairt ar iarraidh ó mhaoirseoirí airgeadais ar an Údarás glacadh le maoirseacht dhíreach nó ar thionscnamh an Údaráis féin, in imthosca eisceachtúla lena gceanglaítear idirghabháil an Údaráis agus a bhaineann le comhlíonadh nó neamhchosaint ar riosca na n-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid;
(d)
feidhmiú choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais a éascú;
(e)
rannchuidiú, i gcomhar le maoirseoirí airgeadais, le cóineasú cleachtas maoirseachta agus le hardchaighdeáin mhaoirseachta a chur chun cinn i réimse AML/CFT, lena n-áirítear i ndáil le fíorú ar chomhlíonadh cheanglais AML/CFT a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe;
(f)
an fhoireann agus malartú faisnéise a chomhordú i measc maoirseoirí airgeadais san Aontas i réimse AML/CFT;
(g)
cúnamh a chur ar fáil, i réimse AML/CFT, do mhaoirseoirí airgeadais, tar éis dóibh iarrataí sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear iarrataí idirghabháil idir maoirseoirí airgeadais;
(h)
easaontais a réiteach, le héifeacht cheangailteach, idir maoirseoirí airgeadais maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcomhthéacs coláistí maoirseachta AML/CFT, tar éis iarraidh shonrach dá dtagraítear i bpointe (g);
|
|
Airteagal 5 4.
|
Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas maidir le maoirseoirí seach-airgeadais:
(a)
liosta cothrom le dáta de mhaoirseoirí seach-airgeadais laistigh den Aontas a choinneáil ar bun;
(b)
athbhreithnithe piaraí ar chaighdeáin agus cleachtais mhaoirseachta i réimse AML/CFT a chomhordú;
(c)
i réimse AML/CFT, imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha nó ar neamhchur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag maoirseoirí seach-airgeadais agus ag údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála, moltaí a eisiúint maidir le conas na sáruithe sainaitheanta a leigheas agus, i gcás nach gcomhlíonann na maoirseoirí nó na húdaráis phoiblí na moltaí, rabhaidh a eisiúint ina sainaithnítear na bearta atá le cur chun feidhme chun éifeachtaí an tsáraithe a mhaolú;
(d)
athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh acmhainní agus cumhachtaí leormhaithe ag na maoirseoirí seach-airgeadais uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh i réimse AML/CFT;
(e)
rannchuidiú le cóineasú cleachtas maoirseachta agus cur chun cinn ardchaighdeán maoirseachta i réimse AML/CFT;
(f)
feidhmiú choláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais a éascú;
(g)
cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí seach-airgeadais, tar éis a n-iarrataí sonracha, amhail iarrataí ar idirghabháil a dhéanamh idir maoirseoirí seach-airgeadais i gcás easaontais maidir leis na bearta atá le déanamh i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcomhthéacs choláistí maoirseachta AML/CFT.
I gcás ina ndéantar an mhaoirseacht ar earnálacha sonracha a tharmligean ar an leibhéal náisiúnta chun comhlachtaí féinrialála, feidhmeoidh an tÚdarás na cúraimí a leagtar amach sa chéad fhomhír i ndáil le formhaoirseacht a bheith á déanamh ag údaráis mhaoirseachta ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas maidir le FIUnna agus lena ngníomhaíochtaí sna Ballstáit:
(a)
liosta cothrom le dáta de FIUnna san Aontas a choinneáil ar bun;
(b)
faireachán a dhéanamh ar athruithe ar chreat dlíthiúil FIUnna, agus ar a n-eagrúchán, ag díriú ar acmhainní chun a gcúraimí a chomhlíonadh;
(c)
tacú le hobair FIUnna agus cur le comhar agus comhordú feabhsaithe idir FIUnna;
(d)
rannchuidiú le cásanna ábhartha a shainaithint agus a roghnú chun go ndéanfaidh FIUnna anailísí comhpháirteacha;
(e)
modhanna agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt chun go ndéanfaidh FIUnna anailísí comhpháirteacha ar chásanna trasteorann;
(f)
anailísí comhpháirteacha a bheidh á gcur i gcrích ag FIUnna a bhunú, a chomhordú, a eagrú agus a éascú;
(g)
cúnamh a chur ar fáil do FIUnna, ar a n-iarrataí sonracha, amhail iarrataí ar idirghabháil i gcás easaontais idir FIUnna;
(h)
athbhreithnithe piaraí a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí FIUnna atá dírithe ar a gcomhsheasmhacht agus ar a n-éifeachtacht a neartú agus ar dhea-chleachtais a shainaithint;
(i)
uirlisí agus seirbhísí a fhorbairt agus a chur ar fáil do FIUnna chun cumais anailísithe FIUnna a fheabhsú, mar aon le seirbhísí agus uirlisí TF agus intleachta saorga le haghaidh comhroinnt faisnéise shlán, lena n-áirítear trí FIU.net a óstáil;
(j)
saineolas maidir le modhanna braiteoireachta, anailíse agus scaipthe i leith idirbhearta amhrasacha a fhorbairt, a chomhroinnt agus a chur chun cinn;
(k)
ar iarraidh ó FIUnna, oiliúint agus cúnamh speisialaithe a sholáthar do FIUnna, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil dóibh, faoi raon feidhme chuspóirí an Údaráis agus i gcomhréir leis na hacmhainní foirne agus buiséadacha atá ar fáil dó;
(l)
tacú, ar iarraidh ó FIUnna, lena n-idirghníomhaíocht le heintitis faoi oibleagáid trí shaineolas a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear feabhas a chur ar a bhfeasacht agus ar nósanna imeachta chun gníomhaíochtaí agus idirbhearta amhrasacha a bhrath agus iad a thuairisciú do na FIUnna;
(m)
measúnuithe agus anailísí straitéiseacha ar bhagairtí, ar rioscaí agus ar mhodhanna ML/TF arna sainaithint ag FIUnna a ullmhú agus a chomhordú.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, cuirfidh an tÚdarás dlí ábhartha uile an Aontais i bhfeidhm agus, i gcás ina mbeidh an dlí sin ón Aontas comhdhéanta de threoracha, an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear na treoracha sin. I gcás ina mbeidh an dlí is infheidhme comhdhéanta de rialacháin, agus i gcás ina dtabharfar leis na rialacháin sin roghanna do na Ballstáit go sainráite, cuirfidh an tÚdarás an reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm freisin lena gcuirtear na roghanna sin i bhfáth.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|