|
+Airteagal 18 1. |
Airteagal 18 1.Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás na himscrúduithe uile is gá a dhéanamh ar aon eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid nó aon duine nádúrtha atá fostaithe aige nó aon duine dlítheanach a bhaineann leis, atá bunaithe nó lonnaithe i mBallstát. Chuige sin, féadfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a cheangal go gcuirfear doiciméid faoina bhráid;
(b)
scrúdú a dhéanamh ar leabhair agus taifid na ndaoine lena mbaineann agus cóipeanna nó sleachta a thógáil ó na leabhair agus na taifid;
(c)
rochtain a fháil ar thuairiscí iniúchóireachta inmheánaí, deimhniú cuntas, agus aon bhogearra, bunachar sonraí, uirlis TF nó meán leictreonach eile chun faisnéis a thaifeadadh;
(d)
rochtain a fháil ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis a bhaineann le próisis chinnteoireachta, lena n-áirítear iad siúd a forbraíodh le halgartaim nó le próisis dhigiteacha eile;
(e)
mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó dhuine ar bith dá dtagraítear in Airteagal 17 nó óna ionadaithe nó hionadaithe, nó óna fhoireann nó óna foireann;
(f)
agallamh a chur ar aon duine eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air nó uirthi chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|