+Airteagal 18
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.

Airteagal 18

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás na himscrúduithe uile is gá a dhéanamh ar aon eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid nó aon duine nádúrtha atá fostaithe aige nó aon duine dlítheanach a bhaineann leis, atá bunaithe nó lonnaithe i mBallstát.

Chuige sin, féadfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

a cheangal go gcuirfear doiciméid faoina bhráid;

(b) 

scrúdú a dhéanamh ar leabhair agus taifid na ndaoine lena mbaineann agus cóipeanna nó sleachta a thógáil ó na leabhair agus na taifid;

(c) 

rochtain a fháil ar thuairiscí iniúchóireachta inmheánaí, deimhniú cuntas, agus aon bhogearra, bunachar sonraí, uirlis TF nó meán leictreonach eile chun faisnéis a thaifeadadh;

(d) 

rochtain a fháil ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis a bhaineann le próisis chinnteoireachta, lena n-áirítear iad siúd a forbraíodh le halgartaim nó le próisis dhigiteacha eile;

(e) 

mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó dhuine ar bith dá dtagraítear in Airteagal 17 nó óna ionadaithe nó hionadaithe, nó óna fhoireann nó óna foireann;

(f) 

agallamh a chur ar aon duine eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air nó uirthi chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe.

Airteagal 18 2.
Beidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 17 faoi réir imscrúduithe a sheoltar ar bhonn cinneadh ón Údarás. I gcás ina gcuirfidh duine bac ar dhéanamh an imscrúdaithe, soláthróidh maoirseoir airgeadais an Bhallstáit ina bhfuil an t-áitreabh ábhartha lonnaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an cúnamh is gá, lena n-áirítear rochtain an Údaráis ar áitreabh gnó na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 17 a éascú, ionas gur féidir na cumhachtaí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.