+Airteagal 19
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
|
Airteagal 19
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré don mhaoirseoir airgeadais lena mbaineann, na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 17. Maidir le daoine nádúrtha arb ionann a n-áitreabh gnó agus a n-áit chónaithe phríobháideach, lorgóidh agus gheobhaidh an tÚdarás údarú breithiúnach le haghaidh cigireacht ar an láthair. I gcás inar gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a sheoladh go cuí agus go héifeachtúil, féadfaidh an Bord an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré do na daoine nádúrtha agus dlítheanacha sin.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Féadfaidh an tÚdarás a chinneadh feidhmiú na gcigireachtaí ar an láthair a chur de chúram ar chomhfhoireann maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 16 nó ar fhoireann thiomnaithe, a bhféadfadh baill den chomhfhoireann maoirseachta a bheith uirthi i gcás inarb infheidhme. Beidh an tÚdarás freagrach as bunú agus comhdhéanamh na bhfoirne cigireachta ar an láthair, a dhéanfar i gcomhar leis na maoirseoirí airgeadais.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Féadfaidh foireann an Údaráis agus daoine eile arna n-údarú ag an Údarás chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith nó ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir cinnidh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag an Údarás agus, maidir le daoine nádúrtha arb ionann a n-áitreabh gnó agus a n-áit chónaithe phríobháideach, ar údarú breithiúnach a fháil le haghaidh cigireacht ar an láthair de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Beidh na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 21 ag foireann an Údaráis agus ag daoine eile arna n-údarú ag an Údarás.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Beidh na daoine nádúrtha agus dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 17 faoi réir cigireachtaí ar an láthair ar bhonn cinneadh ón Údarás.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Déanfaidh an fhoireann agus daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag maoirseoir airgeadais an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, ag gníomhú dóibh faoi mhaoirseacht agus comhordú an Údaráis, cúnamh gníomhach a thabhairt d’fhoireann an Údaráis agus do dhaoine eile atá údaraithe ag an Údarás. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 3 acu. Beidh an ceart ag foireann mhaoirseoirí airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann freisin páirt a ghlacadh sna cigireachtaí ar an láthair.
|
|
Airteagal 19 6.
|
I gcás ina gcuireann duine in aghaidh cigireacht ar an láthair a ordaítear de bhun an Airteagail seo, soláthróidh maoirseoir airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. A mhéid is gá i gcomhair na cigireachta, beidh séalú aon áitreabh gnó agus leabhar cuntais nó taifead ar áireamh sa chúnamh sin. I gcás nach mbeidh an chumhacht sin ar fáil don mhaoirseoir airgeadais lena mbaineann, úsáidfidh sé a chumhachtaí chun an cúnamh is gá a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|