Airteagal 28
Athbhreithniú arna dhéanamh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí an Údaráis lena bhforchuirtear smachtbhanna airgid nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an smachtbhanna airgid nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a neamhniú nó an méid de nó di a laghdú nó a mhéadú.