|
+Airteagal 25 3. |
Airteagal 25 3.D’ainneoin an cheanglais dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina measfaidh an tÚdarás go bhfuil foilsiú chéannacht nó shonraí pearsanta na ndaoine atá freagrach díréireach tar éis measúnú cás ar chás, nó i gcás ina gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl i mbaol leis an bhfoilsiú, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:
(a)
moill a chur ar fhoilsiú an chinnidh go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna gan é a fhoilsiú;
(b)
an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, má áirithítear le foilsiú gan ainm den sórt sin cosaint éifeachtach shonraí pearsanta na ndaoine atá freagrach; sa chás sin, cuirfidh an tÚdarás foilsiú na sonraí ábhartha siar ar feadh tréimhse réasúnta má shamhlaítear laistigh den tréimhse sin nach ann a thuilleadh do na cúiseanna le foilsiú anaithnid;
(c)
gan an cinneadh a fhoilsiú i gcás ina meastar nach leor na roghanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)
nach gcuirfí cobhsaíocht margaí airgeadais i mbaol; nó
(ii)
comhréireacht fhoilsiú an chinnidh maidir le bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (a), i gcás ina meastar gur mionbhearta iad bearta den sórt sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|