+Airteagal 25
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
|
Airteagal 25
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Foilseoidh an tÚdarás gach cinneadh lena bhforchuirfear smachtbhanna airgid nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil nó lena gcuirfear i bhfeidhm bearta riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2), pointí (c) go (g), a ghlacfar maidir le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a), díreach tar éis don duine ar a gcuirfear na smachtbhannaí a bheith curtha ar an eolas faoin gcinneadh sin. Áireofar ar a laghad san fhoilsiú an fhaisnéis maidir le saghas agus cineál an tsáraithe, céannacht an duine atá faoi smachtbhannaí, agus méid an smachtbhanna airgid nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, i gcás inarb infheidhme. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbaineann an foilsiú le bearta riaracháin ar féidir iad a achomharc agus nach bhfuil sé d’aidhm acu sáruithe tromchúiseacha, leantacha agus córasacha a leigheas, féadfaidh an tÚdarás foilsiú na mbeart riaracháin sin a chur siar go dtí dul in éag an spriocdháta le haghaidh achomhairc chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Ar dhul in éag an spriocdháta le haghaidh athbhreithniú ar an gcinneadh ón mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin nó, i gcás nár iarr an t-eintiteas faoi oibleagáid athbhreithniú den sórt sin, ar dhul in éag an spriocdháta le haghaidh achomhairc chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, foilseoidh an tÚdarás an fhaisnéis maidir le hiarraidh ar athbhreithniú nó achomharc. Foilseoidh an tÚdarás aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir le toradh an athbhreithnithe nó an achomhairc sin díreach tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil. Foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirfear ar neamhní cinneadh smachtbhanna airgid nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur, nó beart riaracháin a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 21(1), pointe (a).
|
|
Airteagal 25 3.
|
D’ainneoin an cheanglais dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina measfaidh an tÚdarás go bhfuil foilsiú chéannacht nó shonraí pearsanta na ndaoine atá freagrach díréireach tar éis measúnú cás ar chás, nó i gcás ina gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl i mbaol leis an bhfoilsiú, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:
(a)
moill a chur ar fhoilsiú an chinnidh go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna gan é a fhoilsiú;
(b)
an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, má áirithítear le foilsiú gan ainm den sórt sin cosaint éifeachtach shonraí pearsanta na ndaoine atá freagrach; sa chás sin, cuirfidh an tÚdarás foilsiú na sonraí ábhartha siar ar feadh tréimhse réasúnta má shamhlaítear laistigh den tréimhse sin nach ann a thuilleadh do na cúiseanna le foilsiú anaithnid;
(c)
gan an cinneadh a fhoilsiú i gcás ina meastar nach leor na roghanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)
nach gcuirfí cobhsaíocht margaí airgeadais i mbaol; nó
(ii)
comhréireacht fhoilsiú an chinnidh maidir le bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (a), i gcás ina meastar gur mionbhearta iad bearta den sórt sin.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Cuirfidh an tÚdarás aon fhoilseachán de bhun an Airteagail seo ar fáil ar a shuíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse 5 bliana.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|