|
+Airteagal 32 2. |
Airteagal 32 2.Féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfaighidh sé tásca ar sháruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ag eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid, a iarraidh ar a mhaoirseoir airgeadais a méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
tásca den sórt sin a imscrúdú, a bhféadfadh baint a bheith acu le sáruithe ar dhlí an Aontais nó, i gcás ina bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de threoracha nó i gcás ina dtugtar leis roghanna go sainráite do na Ballstáit, sáruithe ar an dlí náisiúnta a mhéid a dhéantar leis an dlí náisiúnta treoracha a thrasuí nó roghanna a fheidhmiú a thugtar do Bhallstáit le dlí an Aontais; agus
(b)
machnamh a dhéanamh ar smachtbhannaí a fhorchur ar an eintiteas sin i leith sáruithe den sórt sin i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme go díreach nó leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear treoracha. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inar gá, a iarraidh ar mhaoirseoir airgeadais eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid cinneadh aonair a ghlacadh a bheadh dírithe ar an eintiteas sin, á cheangal air gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais is infheidhme go díreach nó faoin dlí náisiúnta a mhéid a dhéantar leis an dlí náisiúnta treoracha a thrasuí nó roghanna a fheidhmiú a thugtar do Bhallstáit le dlí an Aontais, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas. Ní chuirfidh na hiarrataí dá dtagraítear sa mhír seo bac ar bhearta maoirseachta leanúnacha a bheidh á ndéanamh ag an maoirseoir airgeadais ar cuireadh an iarraidh faoina bhráid. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|