+Airteagal 32
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.
---+Airteagal 32 6.
---+Airteagal 32 7.
---+Airteagal 32 8.
---+Airteagal 32 9.
|
Airteagal 32
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1.
|
Tabharfaidh maoirseoirí airgeadais fógra don Údarás i gcás ina dtiocfaidh meath tapa suntasach ar staid aon eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid maidir lena chomhlíonadh le Rialachán (AE) 2024/1624, Rialachán (AE) 2023/1113, aon fhorálacha dlíthiúla eile arna nglacadh chun na Rialacháin sin a chur chun feidhme nó aon ghníomh riaracháin arna eisiúint ag aon mhaoirseoir agus ar a neamhchosaint ar rioscaí ML/TF, go háirithe i gcás ina bhféadfadh meath den sórt sin tionchar diúltach a imirt ar roinnt Ballstát nó ar an Aontas ina iomláine nó ina bhféadadh meath den sórt sin an bonn a bhaint de shláine chóras airgeadais an Aontais.
|
|
Airteagal 32 2.
|
Féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfaighidh sé tásca ar sháruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ag eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid, a iarraidh ar a mhaoirseoir airgeadais a méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
tásca den sórt sin a imscrúdú, a bhféadfadh baint a bheith acu le sáruithe ar dhlí an Aontais nó, i gcás ina bhfuil dlí sin an Aontais comhdhéanta de threoracha nó i gcás ina dtugtar leis roghanna go sainráite do na Ballstáit, sáruithe ar an dlí náisiúnta a mhéid a dhéantar leis an dlí náisiúnta treoracha a thrasuí nó roghanna a fheidhmiú a thugtar do Bhallstáit le dlí an Aontais; agus
(b)
machnamh a dhéanamh ar smachtbhannaí a fhorchur ar an eintiteas sin i leith sáruithe den sórt sin i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme go díreach nó leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear treoracha.
Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inar gá, a iarraidh ar mhaoirseoir airgeadais eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid cinneadh aonair a ghlacadh a bheadh dírithe ar an eintiteas sin, á cheangal air gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais is infheidhme go díreach nó faoin dlí náisiúnta a mhéid a dhéantar leis an dlí náisiúnta treoracha a thrasuí nó roghanna a fheidhmiú a thugtar do Bhallstáit le dlí an Aontais, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas. Ní chuirfidh na hiarrataí dá dtagraítear sa mhír seo bac ar bhearta maoirseachta leanúnacha a bheidh á ndéanamh ag an maoirseoir airgeadais ar cuireadh an iarraidh faoina bhráid.
|
|
Airteagal 32 3.
|
Féadfar iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a thionscnamh i gcás ina bhfuil tásca ag an Údarás gur ann do shárú tromchúiseach, leantach nó córasach:
(a)
tar éis do mhaoirseoirí airgeadais fógraí a thabhairt de bhun mhír 1;
(b)
mar thoradh ar bhailiú faisnéise an Údaráis féin, a bhfuil bunús maith léi; nó
(c)
ar fhaisnéis a fháil ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, nó ó aon fhoinse faisnéise iontaofa agus inchreidte eile.
|
|
Airteagal 32 4.
|
Comhlíonfaidh an maoirseoir airgeadais lena mbaineann aon iarraidh a sheoltar chuige i gcomhréir le mír 2, agus cuirfidh sé an tÚdarás ar an eolas a luaithe is féidir, agus laistigh de 10 lá oibre ó fhógra na hiarrata sin ar a dhéanaí, faoi na bearta atá déanta aige, nó na bearta atá ar intinn aige a dhéanamh, leis an iarraidh sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 32 5.
|
I gcás nach gcomhlíontar iarraidh dá dtagraítear i mír 2 nó nach soláthrófar don Údarás faisnéis maidir leis na bearta a rinneadh nó a bhí beartaithe a dhéanamh chun í a chomhlíonadh laistigh de 10 lá oibre ó fhógra na hiarrata, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar an gCoimisiún cead a dheonú chun na cúraimí agus na cumhachtaí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus Airteagal 6(1) a bhaineann le maoirseacht dhíreach ar an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid a aistriú go sealadach ón maoirseoir airgeadais lena mbaineann chuig an Údarás.
|
|
Airteagal 32 6.
|
Beidh an méid seo a leanas san iarraidh ón Údarás chuig an gCoimisiún de bhun mhír 5:
(a)
cur síos ar na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar na ceanglais is infheidhme go díreach ag an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid agus míniú ar an bhfáth a dtagann na sáruithe sin laistigh de raon feidhme inniúlacht an Údaráis, de bhun mhíreanna 2 agus 3;
(b)
míniú ar an bhfáth nach ndearnadh, mar thoradh ar an iarraidh ar an maoirseoir airgeadais dá dtagraítear i mír 2, aon ghníomhaíocht a ghlacadh laistigh den teorainn ama a shocraítear i mír 4, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis nár thíolaic an maoirseoir airgeadais aon fhreagra;
(c)
fad ama beartaithe de 3 bliana ar a mhéad, ar lena linn a fheidhmeoidh an tÚdarás na cúraimí agus na cumhachtaí ábhartha i ndáil leis an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann;
(d)
cur síos ar na bearta atá ar intinn ag an Údarás a ghlacadh i ndáil leis an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid ar aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha dá dtagraítear i mír 2.
(e)
aon chumarsáid ábhartha idir an tÚdarás agus an maoirseoir airgeadais lena mbaineann.
|
|
Airteagal 32 7.
|
Bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar de bhun mhír 6, beidh mí amháin ag an gCoimisiún ón dáta a gheofar an iarraidh ón Údarás chun cinneadh a bhfuil údar cuí leis a ghlacadh i dtaobh aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí ábhartha a údarú nó cur ina choinne. Tabharfar fógra faoin gcinneadh don Údarás, a chuirfidh an maoirseoir airgeadais agus an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid ar an eolas go láithreach faoi sin. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin gcinneadh.
|
|
Airteagal 32 8.
|
Ar an deichiú lá oibre tar éis fógra a bheith tugtha don Údarás faoin gcinneadh lena n-údaraítear aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí i ndáil leis an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid, measfar an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid a bheith ina eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid chun críocha fheidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus in Airteagail 17 go 23. Socrófar leis an gcinneadh ón gCoimisiún teorainn ama d’fheidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí sin, a n-aistreofar ar ais chuig an maoirseoir airgeadais lena mbaineann go huathoibríoch iad ar dhul in éag na teorann ama sin.
|
|
Airteagal 32 9.
|
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an maoirseoir airgeadais lena mbaineann, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar shíneadh a chur le cur i bhfeidhm an chinnidh lena n-údaraítear aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí. Cuirfear an iarraidh sin isteach 2 mhí ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse tosaigh. Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
cur síos ar na bearta atá déanta ag an Údarás i ndáil leis an eintiteas faoi oibleagáid lena mbaineann agus ar na bearta breise atá ar intinn aige a dhéanamh;
(b)
réasúnú maidir leis an bhfáth a dtugann na bearta sin atá fágtha aghaidh ar sháruithe a thagann fós faoi raon feidhme inniúlacht an Údaráis, de bhun mhír 2;
(c)
fad ama beartaithe de 3 bliana ar a mhéad le haghaidh fheidhmiú leanúnach na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus Airteagail 17 go 23 i ndáil leis an eintiteas faoi oibleagáid;
(d)
aon chumarsáid ábhartha idir an tÚdarás agus an maoirseoir airgeadais lena mbaineann.
Glacfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh an ndeonófar an síneadh laistigh den teorainn ama a luaitear i mír 7. Aon síneadh a dheonófar de bhun na míre seo, ní fhéadfar é a dheonú ach aon uair amháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|