+Airteagal 34
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
---+Airteagal 34 4.
---+Airteagal 34 5.
---+Airteagal 34 6.
---+Airteagal 34 7.
|
Airteagal 34
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1.
|
I gcás nár chuir maoirseoir airgeadais bearta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2024/1640, nó forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin, i bhfeidhm, nó inar chuir sé bearta i bhfeidhm ar bhealach ar dealraitheach gur sárú ar dhlí an Aontais é as a n-eascraíonn mainneachtana córasacha ina mhaoirseacht a dhéanann difear d’eintitis iomadúla faoi oibleagáid agus a bhaineann an bonn d’éifeachtacht chóras maoirseachta AML/CFT, gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4.
|
|
Airteagal 34 2.
|
Féadfaidh an tÚdarás imscrúdú a thionscnamh ar shárú féideartha ar dhlí an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ar a thionscnamh féin i gcás ina bhfuil tásca aige ar shárú den sórt sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi arna bailiú ag an Údarás agus a chúraimí á ndéanamh aige de bhun an Rialacháin seo. Féadfaidh an tÚdarás imscrúdú a dhéanamh freisin ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm ar iarraidh a bhfuil bunús maith léi a fháil ó mhaoirseoir airgeadais amháin nó níos mó, ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gCoimisiún. I gcás ina n-iarrtar imscrúdú ar shárú féideartha ar dhlí an Aontais de bhun na chéad fhomhíre nó an dara fomhír, cuirfidh an tÚdarás in iúl go cuí don pháirtí a bhfuil an iarraidh á déanamh aige conas atá sé ar intinn aige dul ar aghaidh leis an ábhar agus cibé an bhfuil údar le himscrúdú ar an sárú líomhnaithe. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás dul ar aghaidh le himscrúdú, cuirfidh sé é sin in iúl ar dtús don mhaoirseoir airgeadais lena mbaineann.
|
|
Airteagal 34 3.
|
Déanfaidh an maoirseoir airgeadais is ábhar d’imscrúdú de bhun mhír 2 gach faisnéis a sholáthar don Údarás gan mhoill a iarrfaidh an tÚdarás chun críoch a imscrúdaithe, lena n-áirítear maidir leis an gcaoi a gcuirtear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais.
|
|
Airteagal 34 4.
|
I gcás ina meastar é a bheith iomchuí agus riachtanach, féadfaidh an tÚdarás freisin, tar éis dó an maoirseoir airgeadais is ábhar don imscrúdú a chur ar an eolas, deis a thabhairt do gach maoirseoir airgeadais eile faisnéis a tharchur chuig an Údarás a mheasann siad a bheith ábhartha nó iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe go cuí, a dhíriú chuig aon mhaoirseoir airgeadais eile. Soláthróidh seolaithe iarrata den sórt sin, gan moill mhíchuí, faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán don Údarás.
|
|
Airteagal 34 5.
|
Féadfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná 6 mhí ón dáta a tionscnaíodh a imscrúdú, moladh a dhíriú chuig an maoirseoir airgeadais atá faoi réir imscrúdú, ina leagfar amach an ghníomhaíocht is gá chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Sula n-eiseoidh sé moladh den sórt sin, rachaidh an tÚdarás i dteagmháil leis an maoirseoir airgeadais i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí an rannpháirtíocht sin chun réiteach a fháil ar mhainneachtana córasacha maoirseachta a bhfuil sárú ar dhlí an Aontais mar thoradh orthu, chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Laistigh de 10 lá oibre ón moladh a fháil, cuirfidh an maoirseoir airgeadais an tÚdarás ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó atá ar intinn aige a dhéanamh chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.
|
|
Airteagal 34 6.
|
I gcás nár chomhlíon an maoirseoir airgeadais dlí an Aontais laistigh de mhí amháin ó dháta faighte mholadh an Údaráis, féadfaidh an Coimisiún, tar éis don Údarás é a chur ar an eolas faoi sin nó ar a thionscnamh féin, tuairim fhoirmiúil a eisiúint á cheangal ar an maoirseoir airgeadais an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun dlí an Aontais a chomhlíonadh. Cuirfear moladh an Údaráis san áireamh i dtuairim fhoirmiúil an Choimisiúin. Eiseoidh an Coimisiún tuairim fhoirmiúil den sórt sin laistigh de 3 mhí ón dáta a ghlacfar an moladh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an tÚdarás agus an maoirseoir airgeadais an fhaisnéis uile is gá ar fáil don Choimisiún.
|
|
Airteagal 34 7.
|
Laistigh de 10 lá oibre ón tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 6 a fháil, cuirfidh an maoirseoir airgeadais an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó atá ar intinn aige a dhéanamh chun an tuairim fhoirmiúil sin a chomhlíonadh. Agus gníomhaíocht á déanamh maidir le saincheisteanna is ábhar do thuairim fhoirmiúil, comhlíonfaidh an maoirseoir airgeadais an tuairim fhoirmiúil sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|