+Airteagal 38
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.

Airteagal 38

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 38 1.
Féadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí seach-airgeadais teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo arna iarraidh sin do mhaoirseoir seach-airgeadais amháin nó níos mó ná sin de bhun Airteagail 46, 47, 50 nó 54 de Threoir (AE) 2024/1640 nó i gcásanna eile ina n-easaontaíonn maoirseoir seach-airgeadais le nós imeachta nó le hábhar gníomhaíochta, le gníomhaíocht atá beartaithe nó le neamhghníomhaíocht maoirseora eile seach-airgeadais a mhéid a dhéanann sé difear dá chúraimí agus dá fhreagrachtaí maoirseachta féin i ndáil le heintiteas sonrach faoi oibleagáid nó le heintitis iomadúla faoi oibleagáid.
Airteagal 38 2.

I gcásanna seachas na cásanna sin a chumhdaítear le hAirteagail 46, 47, 50 agus 54 de Threoir (AE) 2024/1640, iarrfaidh maoirseoir seach-airgeadais cúnamh ar an Údarás gan moill mhíchuí i gcás ina gceanglaítear le foráil de dhlí an Aontais go dtiocfaidh an maoirseoir seach-airgeadais sin ar chomhaontú, ar shocrú nó ar chomhar de chineál eile atá bunaithe nó curtha ar bhonn foirmiúil, le maoirseoir eile seach-airgeadais nó le maoirseoirí eile seach-airgeadais, a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis shonracha faoi oibleagáid, agus ina dtarlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

gur thángthas ar an gcomhaontú ach nár chuir ceann de na páirtithe i bhfeidhm go héifeachtach é nó nár chloígh sé leis,

(b) 

go dtagann maoirseoir seach-airgeadais ar an tátal ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas ann;

(c) 

go bhfuil 2 mhí caite ón dáta a fuair maoirseoir seach-airgeadais iarraidh ó mhaoirseoir eile seach-airgeadais ar bheart ar leith a dhéanamh chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh agus nár ghlac an maoirseoir iarrtha cinneadh a shásaíonn an iarraidh.

Airteagal 38 3.
Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin measúnú ar aon iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus tabharfaidh sé fógra do na páirtithe ábhartha i dtaobh an measann sé go bhfuil údar cuí leis an iarraidh agus an bhfuil sé ar intinn aige gníomhú ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 38 4.
Socróidh an tÚdarás teorainn ama don idir-réiteach idir na maoirseoirí seach-airgeadais agus aon tréimhsí ama ábhartha a shonraítear i ndlí an Aontais agus castacht agus práinn an ábhair á gcur san áireamh aige. Chun críocha na céime idir-réitigh, gníomhóidh an tÚdarás mar idirghabhálaí. I gcás inar gá nó ina bhforáiltear i ndlí an Aontais, eiseoidh an tÚdarás tuairim maidir le conas an t-easaontas a réiteach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.