|
+Airteagal 38 2. |
Airteagal 38 2.I gcásanna seachas na cásanna sin a chumhdaítear le hAirteagail 46, 47, 50 agus 54 de Threoir (AE) 2024/1640, iarrfaidh maoirseoir seach-airgeadais cúnamh ar an Údarás gan moill mhíchuí i gcás ina gceanglaítear le foráil de dhlí an Aontais go dtiocfaidh an maoirseoir seach-airgeadais sin ar chomhaontú, ar shocrú nó ar chomhar de chineál eile atá bunaithe nó curtha ar bhonn foirmiúil, le maoirseoir eile seach-airgeadais nó le maoirseoirí eile seach-airgeadais, a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis shonracha faoi oibleagáid, agus ina dtarlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
gur thángthas ar an gcomhaontú ach nár chuir ceann de na páirtithe i bhfeidhm go héifeachtach é nó nár chloígh sé leis,
(b)
go dtagann maoirseoir seach-airgeadais ar an tátal ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas ann;
(c)
go bhfuil 2 mhí caite ón dáta a fuair maoirseoir seach-airgeadais iarraidh ó mhaoirseoir eile seach-airgeadais ar bheart ar leith a dhéanamh chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh agus nár ghlac an maoirseoir iarrtha cinneadh a shásaíonn an iarraidh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|