|
+Airteagal 57 2. |
Airteagal 57 2.Beidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta comhdhéanta díobh seo a leanas:
(a)
Cathaoirleach an Údaráis, ag a bhfuil ceart vótála;
(b)
cinn údaráis mhaoirseachta na n-eintiteas faoi oibleagáid i ngach Ballstát, ag a bhfuil ceart vótála;
(c)
ionadaí amháin ón gCoimisiún, nach bhfuil ceart vótála aige. Déanfaidh cinn na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i ngach Ballstát vóta aonair a chomhroinnt agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir le hionadaí coiteann aonair, a bheidh ina bhuanionadaí nó ina ionadaí vótála ad hoc, chun críoch gach cruinnithe nó nós imeachta vótála ar leith. I gcás ina mbaineann na míreanna atá le plé ag an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta le hinniúlacht roinnt údaráis mhaoirseachta, féadfaidh ionadaí ó suas le dhá údarás maoirseachta eile, gan ceart vótála, a bheith in éineacht leis an ionadaí coiteann aonair. Beidh gach údarás maoirseachta a bhfuil comhalta vótála aige faoi chomhaontú ad hoc nó comhaontú buan freagrach as comhalta malartach ardleibhéil a ainmniú óna údarás, a fhéadfaidh teacht in ionad chomhalta vótála an Bhoird Ghinearálta dá dtagraítear sa dara fomhír i gcás nach mbeidh an duine sin ábalta freastal a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|