+Airteagal 57
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.
---+Airteagal 57 3.
---+Airteagal 57 4.
---+Airteagal 57 5.
|
Airteagal 57
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57 1.
|
Beidh an comhdhéanamh maoirseachta a leagtar síos i mír 2 nó an comhdhéanamh FIU a leagtar síos i mír 3 ag an mBord Ginearálta.
|
|
Airteagal 57 2.
|
Beidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta comhdhéanta díobh seo a leanas:
(a)
Cathaoirleach an Údaráis, ag a bhfuil ceart vótála;
(b)
cinn údaráis mhaoirseachta na n-eintiteas faoi oibleagáid i ngach Ballstát, ag a bhfuil ceart vótála;
(c)
ionadaí amháin ón gCoimisiún, nach bhfuil ceart vótála aige.
Déanfaidh cinn na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i ngach Ballstát vóta aonair a chomhroinnt agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir le hionadaí coiteann aonair, a bheidh ina bhuanionadaí nó ina ionadaí vótála ad hoc, chun críoch gach cruinnithe nó nós imeachta vótála ar leith. I gcás ina mbaineann na míreanna atá le plé ag an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta le hinniúlacht roinnt údaráis mhaoirseachta, féadfaidh ionadaí ó suas le dhá údarás maoirseachta eile, gan ceart vótála, a bheith in éineacht leis an ionadaí coiteann aonair. Beidh gach údarás maoirseachta a bhfuil comhalta vótála aige faoi chomhaontú ad hoc nó comhaontú buan freagrach as comhalta malartach ardleibhéil a ainmniú óna údarás, a fhéadfaidh teacht in ionad chomhalta vótála an Bhoird Ghinearálta dá dtagraítear sa dara fomhír i gcás nach mbeidh an duine sin ábalta freastal a dhéanamh.
|
|
Airteagal 57 3.
|
Beidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU comhdhéanta díobh seo a leanas:
(a)
Cathaoirleach an Údaráis, ag a bhfuil ceart vótála;
(b)
cinn na FIUnna, ag a bhfuil an ceart vótála;
(c)
ionadaí amháin ón gCoimisiún, nach bhfuil ceart vótála aige.
Ainmneoidh gach FIU comhalta malartach ardleibhéil óna aonad, a fhéadfaidh teacht in ionad cheann FIU dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i gcás nach mbeidh an duine sin ábalta freastal a dhéanamh.
|
|
Airteagal 57 4.
|
Féadfaidh an Bord Ginearálta a chinneadh breathnóirí a ligean isteach. Go sonrach, féadfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU na hionadaithe ó OLAF, Europol, Eurojust agus OIPE a ligean isteach mar bhreathnóirí chuig cruinnithe, i gcás ina bpléitear ábhair a thagann faoi raon feidhme a sainorduithe faoi seach. Déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta ionadaí arna ainmniú ag Bord Maoirseachta BCE agus ionadaí ó gach ceann de na ÚMEnna a ligean isteach mar bhreathnóirí, i gcás ina bpléitear ábhair a thagann faoi raon feidhme a sainorduithe faoi seach Na cúinsí faoina dtugtar cuireadh chuig cruinnithe an Bhoird Ghinearálta d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais a liostaítear sa chéad fhomhír, sonrófar iad i rialacha nós imeachta an Bhoird Ghinearálta agus léireofar iontu comhaontú ar thángthas air idir an tÚdarás agus gach ceann de na breathnóirí sin. Féadfar breathnóirí eile a ligean isteach ar bhonn ad hoc má fhormheastar iad le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta a bhfuil vóta acu sa chomhdhéanamh ábhartha.
|
|
Airteagal 57 5.
|
Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Ghinearálta, bíodh sin i gcomhdhéanamh maoirseachta nó i gcomhdhéanamh FIU, gan ceart vótála, i gcás ina bpléifear na míreanna a chumhdaítear lena réimsí freagrachta arna gcinneadh ag Cathaoirleach an Údaráis agus dá dtagraítear in Airteagal 66(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|