+Airteagal 58
---+Airteagal 58 1.
---+Airteagal 58 2.
---+Airteagal 58 3.
---+Airteagal 58 4.
|
Airteagal 58
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 58 1.
|
Féadfaidh an Bord Ginearálta, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Chathaoirleach an Údaráis, coistí inmheánacha a bhunú le haghaidh cúraimí sonracha a shanntar dó. Féadfaidh an Bord Ginearálta foráil a dhéanamh maidir le cúraimí agus cinntí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig coistí inmheánacha, chuig an mBord Feidhmiúcháin nó chuig Cathaoirleach an Údaráis. Féadfaidh an Bord Ginearálta an tarmligean sin a chúlghairm ag aon am.
|
|
Airteagal 58 2.
|
Tuairisceoidh coistí inmheánacha don Bhord Ginearálta chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na conclúidí uile ar tháinig siad orthu.
|
|
Airteagal 58 3.
|
Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na gcoistí inmheánacha i gcomhréir le hAirteagal 57(5).
|
|
Airteagal 58 4.
|
Bunóidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU buanchoiste ar a mbeidh naonúr dá chomhaltaí nó ionadaithe ag a bhfuil saineolas leormhaith óna FIU náisiúnta faoi seach, chun tacú leis agus a chúraimí de bhun Airteagal 60(3) á gcomhlíonadh aige, lena n-áirítear trí thograí a thíolacadh agus trí dhréachtchinntí a ullmhú. Ní bheidh aon chumhachtaí cinnteoireachta ag an mbuanchoiste. Déanfaidh sé a chúraimí a chur i gcrích ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine agus oibreoidh sé i dtrédhearcacht iomlán leis an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU. Glacfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU rialacha nós imeachta an bhuanchoiste. Áiritheofar le comhdhéanamh an bhuanchoiste cothromaíocht chóir agus uainíocht chóir idir comhaltaí nó ionadaithe FIUnna náisiúnta. Is é an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU a cheapfaidh a naonúr comhaltaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|