+Airteagal 61
---+Airteagal 61 1.
---+Airteagal 61 2.
---+Airteagal 61 3.
---+Airteagal 61 4.
---+Airteagal 61 5.

Airteagal 61

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 61 1.
Déanfar cinntí an Bhoird Ghinearálta a ghlacadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil ceart vótála mar a chinntear le hAirteagal 57(2) agus (3). I gcás comhionannas vótaí, beidh vóta réitigh ag Cathaoirleach an Údaráis.
Airteagal 61 2.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Bord Ginearálta, maidir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagail 49, 53, 54 agus 55 den Rialachán seo, cinntí ar bhonn thromlach cáilithe a chomhaltaí, dá bhforáiltear in Airteagal 16(4) CAE.

Ní vótálfaidh Cathaoirleach an Údaráis ar na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ar na tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 60(2) ná ar na cinntí a bhaineann le meastóireacht ar fheidhmíocht an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(5).

Airteagal 61 3.
Ní fhreastalóidh na comhaltaí nach bhfuil ceart vótála acu agus na breathnóirí ar aon phlé laistigh den Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid, mura bhforáiltear dá mhalairt sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó má chinneann na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a mhalairt.
Airteagal 61 4.
Ní bheidh feidhm ag mír 3 i leith chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ná i leith ionadaí BCE arna ainmniú ag Bord Maoirseachta BCE.
Airteagal 61 5.
Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghairm ag aon tráth. Gan dochar don saincheart sin ná d’éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh an Bord Ginearálta a dhícheall teacht ar chomhthoil agus a chinntí á nglacadh aige.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.